Seirbhísí Corporáideach

Saoráil Faisnéise

Tugadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014, isteach chun cabhrú leis an bpobal teacht ar fhaisnéis oifigiúil a bhaineann le taifid a cruthaíodh tar éis an 21 Deireadh Fómhair, 1998.

Tugann an tAcht ceart dlíthiúil duit:

  • faisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí a fháil
  • faisnéis oifigiúil a bhaineann leat féin a leasú sa chás go bhfuil sí neamhiomlán, neamhchruinn nó míthreorach
  • faisnéis a fháil faoi chúiseanna atá le cinntí a imríonn tionchar orthu

Caithfidh d'iarraidh a bheith i scríbhinn agus ní foláir duit a chur in iúl go beacht ann go bhfuil an fhaisnéis á lorg agat faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 2014. Freagrófar gach iarraidh taobh istigh de 3 lá oibre agus déanfar cinneadh fúithi taobh istigh de 4 seachtaine (20 lá oibre) mura n-iarraimidne síneadh ama de bharr an chineáil iarrata atá ann.

Níl aon bhuntáilleadh iarrata ann níos mó, ach ní mór na táillí seo a leanas a íoc mar seo a leanas:-

Is é an táille atá ar Athbhreithniú Inmheánach faoi Alt 21 anois ná €30.00 (€10.00 do lucht cártaí leighis agus dá gcleithiúnaithe).

Más rud é, tar éis athbhreithniú inmheánach, nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh, féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách a lorg. Is é an táille atá air sin ná €50.00 (€15.00 do lucht cártaí leighis agus dá gcleithiúnaithe), sa chás gur iarraidh neamhphearsanta atá ann. Is é an Coimisinéir Faisnéise a dhéanfadh a leithéid d'athbhreithniú agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis-sean ag an seoladh seo a leanas:

Sa Phost  Oifig an Choimisinéara Faisnéise
                6 Ardán Phort an Iarla
                Baile Átha Cliath 2

                D02 W773

Ríomhphost:  [email protected]  
Teileafón: (01) 639 5689

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise                                                    
Oifigí Cathartha Chomhairle Contae Fhine Gall
Bóthar an Gharráin
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15
D15 W638                                                                                                                

Teileafón: (01) 890 5162

Ríomhphost:  [email protected]  

 You can view a list of Freedom of Information requests from January 2017 to date in our

FOI Disclosure Log Jan - May (requests) 2017

 The document lists the type of requests made and who requested the information as follows;

Business: Business People/Interest Groups/Solicitors/Trade/Unions/Accountants.
Journalist: Media/Journalists
Oireachtas: Members of the Oireachtas/Public Representatives
Staff: Staff of the Local Authority
Client: Recipient of a service
Other: Members of the public

FOI Disclosure Log January to end of March 2018

Disclosure Log April to end of June

Is féidir leat liosta iarrataí a rinneadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ó Eanáir 2016 go dáta a fheiceáil inár

FOI Disclosure Log Jan - Dec 2016.

iostáiltear na cineálacha iarrataí a rinneadh agus cé a rinne iad, mar seo a leanas:

Gnó: Lucht Gnó/Grúpaí Leasmhara/Aturnaetha/Ceardchumainn/Cuntasóirí.
Iriseoir: Na Meáin/Iriseoirí 
Oireachtais: Baill an Oireachtais/Ionadaithe Poiblí 
Baill Foirne: Baill Foirne an Údaráis Áitiúil
Cliant: Faighteoir seirbhíse
Eile: Baill an phobail