Saoráil Faisnéise FAQs

Saoráil Faisnéise FAQs

Faoi láthair, cloíonn Údaráis Áitiúla leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Is féidir leat iarraidh ar na taifid seo a leanas i seilbh Údaráis Áitiúla:

Aon taifead a bhaineann leat go pearsanta, cibé uair ar cruthaíodh é

Gach taifead eile a cruthaíodh i ndiaidh 21 Deireadh Fómhair 1998 (i gcás Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Poiblí áirithe eile, is é 21 Aibreán 1998 an dáta ábhartha)

Is éard is "taifead" ann ná fianaise ar ghníomhaíocht. D'fhéadfadh doiciméad páipéir, faisnéis ar ríomhaire, asphriontaí, mapaí, pleananna, micrifís, ábhair closamhairc srl. a bheith i gceist.

 

 

Ba cheart duit d'iarratas a dhéanamh i scríbhinn (glacfar le ríomhphost chuig [email protected] ) chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise. Ba cheart duit a lua go bhfuil tú ag iarraidh ar na taifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus a bheith chomh soiléir sin go dtuigtear go hiomlán don Chomhairle na taifid atá á n-iarraidh. Ní mór d'iarratas na riachtanais sin a chomhlíonadh chun a bheith bailí. Mura gcomhlíonann iarratas a fhaigheann an Chomhairle na critéir thuasluaite, tá sé d'oibleagáid ar an gComhairle teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir chun an t-iarratas a athrú. Sa chás go gcuirtear iarratas ar thaifid phearsanta isteach, beidh gá le cruthúnas aitheantais a chur isteach.

 

 

Ní ghearrtar táille as iarratas a dhéanamh. I gcás iarratas ar líon mór doiciméad, is féidir leis an gcomhlacht Saorála Faisnéise muirir a ghearradh as cuardach agus aisghabháil, sceidealú agus cóipeáil. Is é an t-alt ábhartha den Acht Alt 27(2) agus baineann na táillí seo le:

(a)   A shocrú cibé acu an bhfuil an fhaisnéis aige nó nach bhfuil;

(b)   An fhaisnéis nó doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a aimsiú

(c)    An fhaisnéis nó na doiciméid sin a aisghabháil

(d)   An fhaisnéis a fháil as na comhaid, na doiciméid, na foinsí leictreonacha nó na foinsí eile faisnéise ina bhfuil an fhaisnéis féin agus ábhar eile nach mbaineann leis an iarraidh, agus

(e)   Sceideal a ullmhú ina sonrófar na taifid atá le breithniú lena gcur ar fáil.

Maidir leis na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála tá teorainn íosta €101 i bhfeidhm nach féidir táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a ghearradh faoina bun. Nuair is mó an táille ná €101, gearrtar an táille iomlán.  Tá teorainn uasta €500 ar an méid is féidir a ghearradh.  Tá teorainn uasta eile €700 i bhfeidhm maidir le táillí measta i dtaobh cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála agus féadfaidh comhlacht diúltú d’iarratas os cionn an leibhéil sin a phróiseáil mura bhfuil an t-iarrthóir sásta an iarraidh a bheachtú ionas go mbeidh sí faoin teorainn. Is iad na táillí a ghearrtar ar fhótachóipeáil ná: 4 cent in aghaidh bileoige, €10.00 in aghaidh dlúthdhiosca agus €6.00 le haghaidh x-gha.

Tá táillí eile i bhfeidhm ar athbhreithniú inmheánach faoi Alt 22, is é sin €30 agus €10 i gcás sealbhóirí cártaí leighis agus a gcleithiúnaithe. Is iad €50 agus €15 na táillí a ghearrtar ar achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise i gcás sealbhóirí cártaí leighis agus a gcleithiúnaithe.

Éilítear leis an Acht nach mór do Chomhairle Contae Fhine Gall an méid seo a leanas a dhéanamh:

Admhaigh go bhfuarthas an t-iarratas taobh istigh de thrí lá oibre

Cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcinneadh taobh istigh de thríocha lá oibre

Is féidir an tréimhse le haghaidh cinneadh deiridh a shíneadh thar an gnáth-thréimhse ceithre seachtaine i gcúinsí áirithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Má tharlaíonn sin i gcás d'iarratais, cuirfear ar an eolas i scríbhinn thú.

 

 

Is féidir.   Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneadh maidir le hiarratas Saorála Faisnéise, is féidir leat "Athbhreithniú Inmheánach" ar an gcinneadh a lorg.   Déanfaidh Oifigeach Sinsearach athbhreithniú ar d'iarratas agus cuirfear ar an eolas thú maidir le toradh an athbhreithnithe sin taobh istigh de 3 seachtaine.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh san "Athbhreithniú Inmheánach", féadfaidh tú iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar.

Is féidir dul i dteagmháil leis an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise,

6 Ardán  Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773

Láithreán gréasáin: http://www.oic.ie

 

Cliceáil anseo chun dul chuig an leathach Saoráil Faisnéise