Balcarrick Beach 3

Trá Bhaile Carraige

Suíomh

Is i nDomhnach Bat atá trá Bhaile Carraige lonnaithe. Tógann sé 20 nóiméad siúl chomh fada leis an trá ón sráidbhaile.

Discover More

52.2593292, -7.1100862000001

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Eolas do do Thuras

Is trá fhada ghainmheach í Trá Bhaile Carraige, atá 3.4 km ar fad. Tá ceantar mór ann atá breac le dumhcha gainmheacha agus locháin charraige. Tá an tslí don tsiúlóid cois cósta ó Dhomhnach Bat go dtí Port Reachrann á taispeáint ar chláir ag Carrchlós Chuan an Túir agus ag Carrchlós an Trá, Domhnach Bat.

 

Treoracha Taistil

Tá príomhphointe rochtana na trá ag an taobh ó thuaidh taobh le hÓstán an Waterside.

Ar an mbus

Faigh bus an 33B chomh fada le sráidbhaile Dhomhnach Bat. Tógann sé thart ar 20 nóiméad siúl ó stad an bhus go dtí an trá. Tá amchlár na mbusanna le fáil ó Bhus Átha Cliath.

Ar an traein

Faigh an traein chomh fada le sráidbhaile Dhomhnach Bat. Tógann sé thart ar 20 nóiméad siúl ó stad an bhus go dtí an trá. Tá amchláir agus an t-eolas is déanaí faoi sheirbhísí le fáil ó Iarnród Éireann.

Sa charr

Féach ar léarscáil google ag íochtair an leathanaigh seo.

 

Áiseanna

Carrchlós poiblí

Leithris phoiblí (i rith mhíonna an tsamhraidh)

 

Eolas maidir le gardaí tarrthála

Bíonn bratach dhearg nó bhuí ar foluain ag stáisiún an gharda tarrthála nuair a bhíonn garda tarrthála i mbun dualgais. Bíonn garda tarrthála ar dualgas i rith mhíonna an tsamhraidh idir 11am agus 7pm mar seo a leanas;

  • Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh i rith mhí Meithimh
  • gach lá i rith mhí Iúil agus Lúnasa

 

Na Dumhcha Gainimh

Is gné nádúrtha thábhachtach iad na na dumhcha gainimh ar thrá Bhaile Carraige. Is gnéithe íogaire iad agus táimid ag iarraidh iad a chaomhnú. Chun damáiste dóibh a sheachaint, seachain siúl agus spraoi ar na dumhcha agus ar an bhféar mórthimpeall.

 

Na Locháin Charraige

Nuair a bhíonn an taoide amuigh, bíonn go leor ainmhithe spéisiúla le feiceáil sna locháin charraige. De bhrí go bhféadfadh na carraigeacha a bheith sleamhain, níor mhór duit a bheith cúramach.

 

Cáilíocht an Uisce Snámha

Is trá aitheanta í Trá Bhaile Carraige faoi na Bathing Water Quality Regulations 2008 (SI No. 79 of 2008). Déantar monatóireacht go rialta ar cháilíocht an uisce idir lár Mheithimh agus Mheán Fómhair gach bliain.  Bíonn torthaí cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar shuíomh gréasáin EPA www.splash.epa.ie.

Tuairiscítear aon saincheisteanna a bhaineann le cáilíocht uisce ar ár dtránna ar ár rannóg maidir le Water Pollution Incidents. Chomh maith leis sin, crochtar fógraí ag an trá, agus tá an tuairisc theagmhais le fáil ar www.splash.epa.ie .