Tochailt Dhroim Meánach

Drumanagh i (002)

Is láithreán seandálaíochta a mbaineann tábhacht náisiúnta leis an dún cinn tíre Dhroim Meánach agus baineann suntasacht idirnáisiúnta leis freisin maidir leis an léiriú a dhéanann sé ar an ngaol a bhí ann idir Éirinn agus an domhan Rómhánach.  Is láithreán c.46 acra é atá á á chosaint ag sraith de chréfoirt - trí cinn de mhúrtha nó díoga cré gar dá chéile. Tá tuilleadh le léamh anseo Dún Cinn Tíre Dhroim Meánach - Plean Bainistíochta & Staidéar um Chaomhnú 2018-2023

Cuireadh an tionscadal ‘Tochailt Dhroim Meánach’ ar bun chun bearnaí eolais faoin láithreán a líonadh, chun an pobal a tharraingt isteach agus chun feasacht a chothú maidir le suntasacht an láithreáin ó thaobh na seandálaíochta, na staire agus na héiceolaíochta de. Is iad seo na chéad tochailtí eolaíochta a rinneadh ar an láithreán riamh.

drumanagh

Le linn Shéasúr I in 2018, bhí an tochailt dírithe ar an mbóthar Martello thart timpeall ar an túr Martello a tógadh go luath sa 19ú haois, i dtreo theorainn thoir an chinn tíre.  Rinneadh dhá thrinse a thochailt agus léiríodh leis sin gur corraíodh fosuithe ón Iarannaois agus an bóthar Martello á thógáil. Fuarthas roinnt píosaí de chnámh an duine freisin, lena n-áirítear píosa cráiniam a bhaineann le bean a bhí idir 18 agus 45 bliana d'aois ag am a báis agus a théann siar go 170 RC – cal. AD52.  Fuarthas cnámh fhada a sainaithníodh mar fhéimear duine fásta ón limistéar ó dheas ón mbóthar Martello. Baineann dáta cal. 49 RC - cal. AD 118 leis an gcnámh, rud a léiríonn gur adhlacadh beirt ar a laghad sa limistéar seo. Fuarthas an-chuid iarsmaí freisin a bhaineann le háitritheoirí an Túir Martello. Féach Séasúr I Réamhthuarascáil maidir le Dhroim Meánach

Drumangh iii (002)

In 2019, tharla tochailt Shéasúr II ag an gceann eile ar fad den bhóthar Martello, gar do na rampair. Sainaithníodh strúchtúr réamhstaire anseo ó na loirg cuaille a fágadh nuair a lobhadh an t-adhmad. In aice láimhe, bhí ardán cloiche lena mbaineann cíor fíodóireachta mar aon le roinnt pointí cnáimhe, uirlisí cnáimhe b’fhéidir agus snáthaid cnáimhe, rud a léiríonn go raibh próiseáil agus/nó obair cheardaíochta agus táirgeadh teicstíle á ndéanamh anseo.  Fuarthas nach mór 80 slige de photaireacht Dressel 20 ón gCúige Rómhánach Baetica i ndeisceart na Spáinne agus ábhair eile Rómhánach-Briotanach, agus is deimhniú é sin go raibh teagmháil shuntasach idir Droim Meánach agus an domhan Rómhánach sna 1ú-3ú aois AD. Féach Séasúr II Réamhthuarascáil maidir le Dhroim Meánach

Drumangh iv (002)

Is gné tábhachtach den tionscadal na torthaí a chomhroinnt. Cuireadh Taispeántas Dhroim Meánach ar taispeáint i Leabharlann an Rois, i Halla an Chontae agus i Sord, agus bhí sé ina chuid de himeachtaí Lá Fhéile Pádraig 2019 in Ionad Pobail an Rois. Tugadh cainteanna do Chumann Staire Loch Sionnaigh agus an Rois agus do Chumann Seandálaíochta Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Alt ó Archaeology Ireland ‘Digging Drumanagh’

 

Martello Drumanagh

Droim Meánach, Túr Martello Uimh.9

Is túir chloiche chiorclacha trí-stór iad na túir Martello atá thart ar 7.3 méadar ar airde agus uchtbhalla thuas ag an mbarr. Tógadh iad bunaithe ar thúr Cape Mortello ar chósta na Corsaice, túr a tógadh go luath sa 19ú haois chun an cósta a chosaint ó ionsaithe Napoléon. Rinne an Bord Ordanáis na túir Martello a dhearadh agus a thógáil. Ba rannóg neamhspleách de chuid an airm é an Bord Ordanáis a chuir a fheadhna speisialaithe féin faoi oiliúint. Thóg Cór na nInnealtóirí Ríoga iad agus bhí an Artléire Ríoga ina mbun. Bhí díorma suas go 15 fear i ngach túr acu, chomh maith le canóin iarainn 18 nó 24 punt a raibh 9 fear ar a laghad ag teastáil chun é a scaoileadh.

Is ceann amháin de na 12 thúr Martello atá ar chósta Fhine Gall é túr Martello Dhroim Meánach agus tógadh ar an gceann tíre é ‘chun Trá agus Abhainn an Rois, cé agus cumhdach Rinn Dhroim Meánach a chosaint’. Cuireadh tús leis an obair ar an gcéad naoi dtúr ar thaobh thuaidh Chuan Bhaile Átha Cliath ar an 1 Meán Fómhair 1804, ach cuireadh an tógáil siar go d earrach 1805. Tógadh na túir chomh tapa sin gur tharla an idirbheartaíocht maidir le praghas le húinéirí an talún nuair a bhí an túr tógtha i roinnt cásanna. Tá an 22 Deireadh Fómhair 1806 luaite ar an ngníomhas idir Robert Palmer agus Benjamin Fisher le haghaidh thúir Martello Dhroim Meánach agus an Rois nuair a ceannaíodh an talamh ar £132.13.9. Bhí an praghas sin ní ba mhó ná an praghas meánach £50 an túir i bhFine Gall ach i bhfad ní ba lú ná an £600 a fuair Iarla Bhinn Éadair as na ceapacha talúin i mBinn Éadair agus ar Inis Mac Neasáin (Bolton et al 2012, 22).

I ndiaidh Chogaí Napoléon (1816), bhí sé tábhachtach úsáid éigin a bhaint as na túir chun iad a choinneáil i ndea-bhail (Bolton et al 2012, 74). Faoi 1826, taifeadadh go raibh túr Dhroim Meánach á úsáid ag Garda Uisce Coisctheach mar chuid dá n-oibríochtaí frithsmuigléireachta. In 1829, rinnneadh cur síos air mar chloigtheach arna thógáil le haghaidh 16 fear, buamadhíonach agus seomra stórais agus umar uisce ann freisin. Scríobhadh go raibh an Garda Uisce Coisctheach ag fanacht ann agus go raibh an túr slán ach an-salach. Ligeann taobh thoir den díon beagán uisce isteach…’. Dhí-armáladh túr Dhroim Meánach in 1874 nuair a bhí ‘bail mheasartha’ air agus tugadh do Sir Riger Palmer é ar cíos £2. In 1908, dhíol Rannóg an Chogaidh an túr do Sir Roger Palmer ó Pháirc Cheann Iúir ar £50 (Bolton et al. 2012, 172).

Tá an Suirbhé ar Thúr Martello Dhroim Meánach ina ghníomh de Phlean Caomhnaithe & Bainistíochta Dhroim Meánach, 2018-2023. Thug na hInnealtóirí Comhairleacha MMA faoi sin i mí na Samhna 2020 agus cuirfidh sé bonn eolais le hobair ar bith a dhéanfar amach anseo. Rinneadh suirbhé scanta léasair 3T chun limistéir inmheánacha agus seachtracha gach láithreán a ghabháil.

Féach ar an Suirbhé Scanta Léasair 3T

Mhaoinigh Ciste na Séadchomharthaí Pobal 2020 an tionscadal suirbhé seo. Is tionscnamh de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta é.

Tuilleadh le léamh: Bolton J., Carey T., Goodbody R. & Clabby G. (2012) The Martello Towers of Dublin. Baile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin & Fine Gall. Ar fáil i Leabharlanna Fhine Gall 

Bolton J. (2008) Martello Towers Research project https://www.fingal.ie/sites/default/files/2019-04/Martello%20Towers%202…