Tionscadal Amharclannaíocht Afáise na hÉireann

IAT_850_532

Modh forbartha amharclannaíochta a thacaíonn leo siúd a bhfuil Afáise orthu

Tháinig Amharclannaíocht Afáise na hÉireann cheannródaíoch de Ghráinne Hallahan chun cinn tríd an gClár Ealaíne Poiblí Bonneagair mar chleachtas a mheasamar a bheadh luachmhar dár bpobail. Tá an tionscadal ag dul ó neart go neart agus tá maoiniú breise faighte aige trí Scéim na Comhairle Ealaíon um Ealaíontóirí sa Phobal i gcomhpháirtíocht le Leabharlann Bhaile Bhlainséir agus Draíocht, Baile Bhlainséir.

Tá modh forbartha drámaíochta á fhiosrú ag Gráinne a thacaíonn leo siúd a bhfuil an riocht, Afáise orthu. Téann Afáise i bhfeidhm ar dhaoine ar bhealaí difriúla ach baineann sé lena gcumas cumarsáid a dhéanamh tar éis gortú inchinne faighte nó stróc. Féadfaidh sé dul i bhfeidhm ar aon aoisghrúpa agus ag aon chéim den saol. Tá Gráinne tar éis roinnt taighde a dhéanamh cheana féin ar bhonn píolótach ar an riocht agus ar na héifeachtaí dearfacha a d'fhéadfadh a bheith ag idirghníomhaíocht trí amharclannaíocht ar rannpháirtithe.

Fuair Gráinne oiliúint le déanaí ó chuideachta Ceanadach Théatre Aphasique in Montréal. Is cuideachta amharclainne an-rathúil í Théatre Aphasique atá suite ar shuíomh in ospidéal in Montréal a bhfuil ceardlanna agus léiriúcháin amharclannaíochta á reáchtáil acu le breis agus 20 bliain le daoine a bhfuil afáise orthu. Reáchtáil sí cuid de na ceardlanna píolótach amharclannaíochta do Choláiste na Tríonóide san Earrach in 2017. Leis an taighde atá déanta aici i gcomhthéacs na hÉireann tá buntáistí na foghlama sin á dtabhairt aici do Fhine Gall agus táimid an-spreagtha ag an acmhainn a d’fhéadfadh a bheith aici sa réimse maidir leis na Ealaín sa Sláinte.