Resident

15 Dec 2021

Cuireann Fine Gall maoiniú ar fáil d’fhéilte agus d’imeachtaí 2022

 

Tá aitheantas tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall don ról lárnach atá ag na healaíona agus an cultúr sa phobal, mar d’fhógair sí go raibh sí ag tabhairt cuireadh arís do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí sa Chontae iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais a bhfuil géarghá leis.  

Picker Pals do Bhunscoileanna

Is tionscnamh iontach é Picker Pals a thugann deis do ranganna 1 agus 2 i mbunscoileanna clárú chun pacáiste a fháil le tabhairt abhaile leo (tá sé seo urraithe ag Comhairle Contae Fhine Gall).

05 Oct 2021

Gluaiseacht idirnáisiúnta meabhairshláinte tugtha go Baile Brigín

Thug an carthanas meabhairshláinte is seanbhunaithe sa tír cuireadh do phríomhpháirtithe leasmhara pobail chuig Meitheal Mhachnaimh ag Leabharlann Bhaile Brigín an tseachtain seo caite chun an ghluaiseacht idirnáisiúnta meabhairshláinte ‘Thrive’ a thabhairt isteach sa bhaile. Ghlac Méara Fhine Gall Seána Ó’ Rodaigh agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly páirt san ócáid Dé Máirt, 28ú Meán Fómhair i Halla Hamilton na Leabharlainne chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an ngluaiseacht pobal sona agus sláintiúil a chruthú do mhuintir Bhaile Brigín.

04 Oct 2021

Moilligh do Luas don tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann i bhFine Gall

Seoladh An tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann inniu, Dé Luain 04 Deireadh Fómhair agus beidh sí ar siúl go dtí Dé Sathairn, 10 Deireadh Fómhair 2021. Is tionscnamh de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre é an tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann. Tá an tOifigeach um Shábháiteacht ar Bhóithre agus an fhoireann Taistil Gníomhaí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ag dul i bpáirt leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun cuidiú leo teachtaireachtaí tábhachtacha a chur chun cinn i rith na seachtaine.

27 Sep 2021

Tugann athcheangal an-áthas do Dhaoine Scothaosta Fhine Gall

Ar siúl ón Luan, 27 Meán Fómhair go dtí an Aoine, 1 Deireadh Fómhair, ceiliúrann Seachtain um Aosú Dearfach 2021 (PAW) aosú agus rannchuidiú agus gníomhaireacht daoine scothaosta. Is é téama PAW 2021 ná Pobail a Athnascadh trí Aosú a Athmhúnlú.