Picker Pals do Bhunscoileanna

Picker Pals Image

Is é is Picker Pals ann ná tionscnamh iontach inar féidir le ranganna 1 agus 2 i mbunscoileanna clárú chun pacáiste le tabhairt abhaile a fháil (rud atá á urrú ag Comhairle Contae Fhine Gall). Scaipfidh an rang an pacáiste Picker Pals agus úsáideann gach leanbh lena mbaill teaghlaigh é agus taifeadann siad an t-eispéireas. Cuimsítear ann neart gníomhaíochtaí iontacha seomra ranga, agus teilifís Picker Pals, fiú! Rachaidh seomraí ranga Fhine Gall i bpáirt le seomraí ranga eile ar fud na tíre a bheidh ag obair le chéile chun an domhan a fheabhsú agus iad ag déanamh a gcion féin chun bruscar a ghlanadh ina limistéar áitiúil. Cuirtear na gníomhaíochtaí i láthair trí dhomhan scéalta Picker Pals agus tugann dalta difriúil Picker Pack abhaile leis nó léi gach seachtain. Soláthraítear gach rud – leabhair spraíúla scéalta agus ghníomhaíochta, amhráin, seisiúin idirghníomhacha teilifíse, trealamh bailithe bruscair agus ábhair thacaíochta do mhúinteoirí.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil anseo. Dá mba mhaith leat do scoil a chlárú, cliceáil anseo.