Faigheann Club Leadóige Shoird Gradam Clubmark Cré-Umha

Agus gach spórt faoi lán seoil arís, tá Club Leadóige Shoird tar éis an filleadh ar na cúirteanna a cheiliúradh trí Ghradam Clubmark Cré-Umha de chuid Leadóg Éireann a bhaint amach.  

Swords tennis Club Award Chairperson Committee and TI President Nov 2021

Agus gach spórt faoi lán seoil arís, tá Club Leadóige Shoird tar éis an filleadh ar na cúirteanna a cheiliúradh trí Ghradam Clubmark Cré-Umha de chuid Leadóg Éireann a bhaint amach.  

Tá sé mar aidhm ag an nGradam clubanna leadóige ar ardchaighdeán in Éirinn a aithint, a fhorbairt, a chreidiúnú agus aitheantas a thabhairt dóibh agus an rannchuidiú atá tugtha acu d’fhorbairt na leadóige in Éirinn.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a rá le Club Leadóige Shoird ar bhronnadh Ghradam Clubmark Cré-Umha de chuid Leadóg Éireann oraibh. Tá go leor ama agus obair crua curtha isteach ag coiste an chlub agus ag na hoibrithe deonacha le roinnt míonna agus blianta anuas agus céiliúrann an gradam seo an paisean agus an tiomantas sin.”

Ag bronnadh an Ghradaim, dúirt Shane Cook, Uachtarán Leadóg Éireann: “Ba mhór an pléisiúr an duais seo a bhronnadh do Chlub Leadóige Shoird. Tá a ndíograis agus a bhfuinneamh tógálach agus léiríonn sé a mhéid a dhéanann an Club a dhícheall a bheith ar an gclub is fearr ina réimse.

“Tá ballraíocht an-éagsúil aige le spiorad pobail den scoth. Níl aon amhras orm ach go mbeidh mé ag bronnadh go leor gradam eile ar Shord amach anseo.”

Dúirt Stephen Girvin Cathaoirleach Chlub Leadóige Shoird: “D’iompaigh rud a cheapamar a d’fhéadfadh a bheith ina chúram cruaidh isteach i gceann de na heispéiris is luachmaire sa chlub. Thug an próiseas chun na riachtanais don ghradam a chur le chéile, a raibh go leor acu againn cheana féin agus a bhí faoi chosaint ag iarrchomhaltaí an chlub, muinín mhéadaitheach dúinn sa chaoi a raibh an club á reáchtáil againn.

“Is cúis mhór bhróid dúinn gach rud a bheith i bhfeidhm anois a theastaíonn ó chlub chun leadóg a sholáthar do bhaill ó 4 go 94 bliain d’aois. Is teimpléad thar a bheith luachmhar é chomh maith d’aon choistí sa todhchaí a bheidh ag rith ár gclub.”

Dúirt Tara Congdon, Oifigeach Forbartha Leadóige Fhine Gall: “Is club leadóige é le bheith bródúil as i gContae Fhine Gall. Déanann clubanna ar nós Sord seirbhís iontach ar son na leadóige toisc go leanann siad ag déanamh sáriarrachta, agus mar sin leanann rudaí ag dul i bhfeabhas don ghlúin atá le teacht.  

“Is aitheantas daingean é an Clubmark ar a bhfuil i gceist le club iontach, forásach agus is é Club Leadóige Shoird an ceann atá ag dul i bhfeabhas i gcónaí.”

Glacann Sord lena háit anois i measc Clubanna Leadóige Fhine Gall eile atá creidiúnaithe ag Clubmark Leadóg Éireann lena n-áirítear Club Leadóige Phort Mearnóg, Club Leadóige Dhomhnach Bat-Phort Reachrann, LTC Chaisleán Cnucha, LTC Chill Fhionntain, agus LTC an Gharráin.

Is spórt don saol é an leadóg agus mar sin má tá tú ag smaoineamh ar thriail a bhaint as, déan teagmháil le hOifigeach Forbartha Leadóige Fhine Gall le fáil amach conas is féidir leat a bheith páirteach i do cheantar áitiúil. Déan teagmháil le: [email protected]