Fiontair shóisialta Fhine Gall le leas a bhaint as maoiniú deontais speisialta

Bhronn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail breis agus €37,000 ar dheich bhfiontar sóisialta áitiúla i bhFine Gall chun cabhrú leo lena gcostais chaipitil.

 

Draíocht Arts Centre

Bhronn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail breis agus €37,000 ar dheich bhfiontar sóisialta áitiúla i bhFine Gall chun cabhrú leo lena gcostais chaipitil.

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, na deontais bheaga mar chuid de chiste €1 milliún chun tacú le 247 Fiontar Sóisialta ar fud na hÉireann. Beidh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall (LCDC) ag dáileadh an mhaoinithe ar dheich bhfiontar sóisialta i bhFine Gall thar ceann na Roinne.

Is féidir leis na faighteoirí rathúla airgead ó Scéim Deontas Caipitil na bhFiontar Sóisialta (SECGS) a úsáid chun cabhrú leo athchóirithe nó deisiúcháin a dhéanamh ar a n-áitribh, nó chun trealamh a cheannach mar shuíocháin lasmuigh agus forscáthanna, trealamh clós súgartha, innealra, ríomhairí glúine, iPadanna agus printéirí.

Is gnóthais iad fiontair shóisialta a oibríonn go príomha chun saol daoine a fheabhsú. Is é a bpríomhchuspóir tionchar sóisialta, sochaíoch nó comhshaoil a bhaint amach. Cosúil le gnóthais eile, tugann fiontair shóisialta faoin a gcuspóirí trí thrádáil in earraí agus seirbhísí ar bhonn leanúnach.

Ag fáiltiú di roimh an bhfógra, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá éifeacht dhearfach ag Fiontair Shóisialta ar an tsochaí agus tá ról tábhachtach acu sa phobal áitiúil. Tá siad ag cabhrú le réitigh a fhorbairt ar chuid de na saincheisteanna sóisialta is práinní i bhFine Gall trí phoist a chruthú, dul i ngleic le míbhuntáiste agus tacú le forbairt pobail.

“Rachaidh na deontais faoin scéim seo chun leasa go háirithe d’fhiontair shóisialta níos lú nó do ghnólachtaí nuathionscanta nach bhfuil rochtain éasca acu ar mhaoiniú riachtanach a chabhróidh leo trealamh breise a uasghrádú nó a cheannach d’fhonn cabhrú leo seirbhísí a sholáthar dóibh siúd is mó atá i ngátar."

Dúirt an tAire Humphreys: “Cuideoidh an maoiniú seo le beagnach 250 Fiontar Sóisialta le costais shonracha maidir lena saoráidí. I roinnt cásanna, cumhdóidh sé an costas a bhaineann le braon anuas a dheisiú nó cistin nua a chur isteach. Úsáidfidh eagraíochtaí eile an maoiniú chun troscán nó trealamh TF nua a cheannach. B’fhéidir go bhfuil na deontais seo beag ó thaobh nádúir de, ach tá a fhios agam go gcuideoidh siad go mór le Fiontair Shóisialta ar fud na tíre a d'fhreastail ar a bpobail tríd an Phaindéim."

Is iad seo a leanas na heagraíochtaí i bhFine Gall a fuair maoiniú trí SECGS:

 

Eagraíocht

Maoiniú faighte

Cúram Leanaí Pobail Bhaile Brigín

€825

Seid na bhFear, Baile Brigín

€2,746

Ionad Fiontar Base

€5,000

Ionad Teiripeach Chúil Mhín  

€6,590

Draíocht 

€5,000

Ionad Fiontar Dhraighneáin  

€5,000

Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhaile an Huntaigh  

€1,800

Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann

€5,000

Ionad Pobail Mhullach Eadrad

€4,500

Saoráid Cúraim Leanaí Bhaile an Phaslóigh

€1,050

Drinan Enterprise Centre