Tús curtha le Tógáil Áis Páirce Imeartha Uile-Aimsire i Sord

Work commences on the construction of the new all-weather pitch in Swords

Cuireadh tús inniu (Dé Luain) leis an obair chun Áis Páirce Imeartha Uile-Aimsire nua a thógáil a bhfuil luach €1.5 milliún uirthi i bPáirc Réigiúnach Ghleann Abhainn an Bharda i Sord.

Beidh an pháirc uile-aimsire shintéiseach nua den tríú glúin ina páirc lánmhéide CLG & Sacair cosúil leis an gceann i bPáirc Réigiúnach Bhrí Mhór i mBaile Bhrigín. Ag gabháil leis an áis thuilsoilsithe nua beidh áiseanna páirceála do ghluaisteáin, do chóistí agus do rothair chun freastal ar riachtanais úsáideoirí na páirce agus cuirfear feabhas ar an rochtain atá ar an bpáirc chomh maith.

Is í an Rannóg Páirce & Bonneagair Ghlais de chuid na Comhairle atá i gceannas ar an tionscadal agus bronnadh an conradh do na hoibreacha ar Haffey Sports Grounds Ltd mar thoradh ar phróiseas tairiscintí iomaíocha. Táthar ag súil go mbeidh an áis réidh faoin Dara Ráithe in 2022.

Níos luaithe i mbliana thosaigh conraitheoirí ag baint roinnt crann chun spás a chruthú don pháirc agus chun na hoibreacha tógála a éascú. Rinneadh é seo i ndiaidh comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh chun cinnte a dhéanamh de go gcuirfí san áireamh an tírdhreach agus na háiseanna nua á bpleanáil.

Dúir Méara Fhine Gall, an Clr Seána Ó Rodaigh: “Fáiltím roimh an scéal go bhfuil conraitheoirí tar éis dul ar an láithreán chun tosú ar an áis spóirt luachmhar seo do mhuintear Shoird agus don cheantar i gcoitinne. Tá mórán oibre déanta ag comhairleoirí, ag an bhfoireann agus ag páirtithe leasmhara eile le blianta beaga anuas chun an tionscadal seo a fhíorú, agus is garsprioc shuntasach í seo ar an turas sin.”

Dúirt Kevin Halpenny, Stiúrthóir Sinsearach Páirce i gComhairle Contae Fhine Gall: “Is iomaí céimeanna atá le críochnú i dtionscadal ar bith sular féidir tosú ar an tógáil agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhairleoirí áitiúla agus leis na páirtithe leasmhara as an bhfoighne a léirigh siad agus muid ag dul tríd na céimeanna éagsúla. Nuair a bheidh forbairt déanta ar na háiseanna Mol Fóillíochta, eagrófar mórthionscadal pobail chun crainn a chur agus cuirfidh sé seo go mór leis an mbrat crann sa chuid seo den pháirc agus feabhsóidh sé timpeallacht tírdhreacha an Mhoil.”

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall cistiú ar fáil don tionscadal a bhfuil luach €1.5 milliún air. Fuarthas cistiú freisin ó Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath chun freastal ar an riachtanas sochar pobail atá á soláthar ag an údarás aerfoirt mar chuid den fhorbairt atá ar siúl ar an Rúidbhealach Thuaidh in Aerfort Bhaile Átha Cliath.