Taispeántas Frank Lawless agus Peace to the Ashes

Frank Lawless Exhibition Gaeilge.PNG

Ba cheann de na ceannairí áitiúla is bríomhaire le linn tréimhse na réabhlóide é Frank Lawless. Rugadh i Sord, contae Bhaile Átha Cliath, é i dteaghlach feirmeoireachta sa bhliain 1870 agus lean sé polaitíocht an náisiúnachais de chuid a sheanathair agus a athair sular ghlac sé príomhról sa ghluaiseacht phoblachtach i dtuaisceart Chontae Átha Cliath. Cé gur chaith sé an chuid is mó dá shaol pholaitiúil sa phríosún mar gheall ar a ról thábhachtach in Éirí Amach 1916, gearradh gearr air nuair a fuair sé bás roimh am ar an 16 Aibreán 1922 i dtimpiste bóthair. Tugann an taispeántas “A Dangerous Man: Frank Lawless and the War of Independence in Fingal” léargas dúinn ar a shaol agus ar a chuid pholaitíochta mar aon leis an oidhreacht a d’fhág sé ina dhiaidh. Feicimid an ról a bhí aige i saol cultúrtha, polaitíochta agus spóirt Fhine Gall óna óige go dtí a bhás.d the Press release here: 

Frank Lawless Exhibition  In English 

Taispeántas Frank Lawless  As Gaeilge 

 

Peace to the Ashes

Ba mhór an tionchar a bhí ag grianghraf corraitheach de shochraid Lawless, ina bhfeicimid i measc caointeoirí Airt Uí Ghríofa an cros mhór Cheilteach ag marcáil uaigh teaghlaigh Lawless, ar an gcraoltóir agus an scannánóir Donal Dineen áit . Bhain sé úsáid as mar thúsphointe dá scannán comórtha comhoibríoch dar teideal – ‘Peace to the Ashes’ air a choimisiúnaigh Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall. Arna scannánú beagnach go huile agus go hiomlán laistigh de bhallaí Reilig Bhaile an Róistigh, is machnamh fileata é an saothar nua seo ar imeacht na gcéadta bliain ón nóiméad a gabhadh go deo ar scannán grianghrafadóireachta é agus ó leagadh síos i gcló i leabhair na staire agus i bhfeasacht an náisiúin araon. Tá an píosa machnamhach seo, a bhaineann leis an gcaoi ar féidir le fórsaí nach bhfuil smacht againn orthu greim a ghabháil ar an mbealach a chuirtear ár n-oidhreacht le chéile, tógtha ar shraith finéad a léiríonn imeacht ciúin na hama sa reilig trí stad-gluaiseacht álainn na scáthanna.