Ár mBaile Brigín ainmnithe don phríomhdhuais Eorpach
Tá tionscadal Ár mBaile Brigín de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ar an ngearrliosta do phríomhdhuais Eorpach ag an Institiúid Nuálaíochta sa Pholaitíocht, eagraíocht atá bunaithe i Vín a oibríonn ar leibhéal neamh-chlaonpháirteach, pan-Eorpach chun polaiteoirí ó thíortha éagsúla a chumasú chun an cleachtas is fearr a roinnt, aithne a chur ar a chéile agus athmhuintearas a chothú.