Partnership & Participation: Community Archaeology in Ireland Christine Baker (eagathóir) Seolta

Comhpháirtíocht & Rannpháirtíocht: An tSeandálaíocht Phobail in Éirinn ( Partnership & Participation: Community Archaeology in Ireland) Christine Baker (eagathóir)

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Partnership & Participation: Community Archaeology in Ireland (Comhpháirtíocht & Rannpháirtíocht: An tSeandálaíocht Phobail in Éirinn) á fhoilsiú, curtha in eagar ag Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall. San fhoilseachán, ina bhfuil léaráidí áille ann, tá sárthaspeántas de 20 tionscadal a thugann léargas ar an réimse leathan gníomhaíochtaí atá ar siúl ar fud na tíre faoi bhrat na seandálaíochta phobail.

 

Community Archaeology

Partnership & Participation: Community Archaeology in Ireland Comhpháirtíocht & Rannpháirtíocht: An tSeandálaíocht Phobail in Éirinn Christine Baker (eagathóir)

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Comhpháirtíocht & Rannpháirtíocht: An tSeandálaíocht Phobail in Éirinn á fhoilsiú, curtha in eagar ag Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall. San fhoilseachán, ina bhfuil léaráidí áille ann, tá sárthaispeántas de 20 tionscadal a thugann léargas ar an réimse leathan gníomhaíochtaí atá ar siúl ar fud na tíre faoi bhrat na seandálaíochta phobail. I measc tionscadal ó Fhine Gall atá sa leabhar, tá an clár a bhí á eagrú ag Christine féin, clár seandálaíochta pobail Fhine Gall, idirghabháil ealaíne phoiblí de chuid Oifig Ealaíon Fhine Gall, agus Séadchomharthaí a Athchóiriú – Naomh Doulagh agus Cnoc an Túir.

Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar an éileamh i measc an phobail déileáil go díreach leis an tseandálaíocht, leis an oidhreacht agus leis na traidisiúin a bhaineann leis an gceantar áitiúil. Ó 2015 ar aghaidh tá Comhairle Contae Fhine Gall chun tosaigh maidir leis an tseandálaíocht phobail a chur chun cinn agus bhí tochailtí pobail ann i gCaisleán Shoird, i gCaislean Bhrí Mhór, san Aill agus i ndún ceann tíre Dhroim Meánach.

‘Is éard a spreag an obair taobh thiar den fhoilseachán seo ná aird a thairaingt ar chaighdeán na hoibre a bhí ar bun, ní hamháin i bhFine Gall ach ar fud na tíre’, a dúirt an t-eagarthóir Christine Baker. ‘Faoi bhrat na seandálaíochta phobail, d’fhéadfá gach rud a chur san áireamh ó shuirbhéireacht reilige go dtí tionscadail ealaíona; suirbhéireacht gheoifisiceach agus suirbhéireacht tríthoiseach go dtí tionscadail caomhnóireachta chomh maith le tochailtí seandálaíochta, ach is é an snáithe a nascann le cheile iad ná daoine a chur i dteagmháil arís lena scéal féin’.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Eoghan O’Brien a sheol Comhpháirtíocht & Rannpháirtíocht: An tSeandálaíocht Phobail in Éirinn ‘Is cúis áthais dom é lorg láidir Fhine Gall a fheiceáil san fhoilseachán uile-oileáin seo. Chuir an grúpa bunaithe i mBaile Dúill ‘Séadchomharthaí a Athchóiriú’ torthaí ar fáil dá gcuid tochailtí pobail ag N. Doulough agus ag Cnoc an Túir i mBinn Éadair; tá cur síos ar ár múnla seandálaíochta pobail féin i bhFine Gall, mar aon le cur síos ar chomhthionscadal ealaíne coimisiúnaithe ag Oifig Ealaíon Fhine Gall in éineacht le tionscadail ó Thír Eoghain go dtí Baile Átha Troim’

‘Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tacú leis an bhfoilseachán seo in éineacht leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta’ a dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Fhine Gall. ‘Léiríonn sé an éagsúlacht atá ann i measc rannpháirtithe agus lucht tacaíochta na seandálaíochta phobail ar fud na tíre’.

‘Chuir sé an-lúcháir orm clár seandálaíochta phobail Fhine Gall a stiúradh, agus bualadh le rannpháirtithe díograiseach dícheallach agus féachaint ar fhorbairt na seandálaíochta phobail’ a dúirt Christine Baker. ‘Cruthaíonn an tseandálaíocht nasc dúinn lenár scéal féin, ach cruthaíonn an tseandálaíocht phobail nasc eadrainn go léir – sin é an bunluach atá aige’.

Tá Comhpháirtíocht & Rannpháirtíocht: An tSeandálaíocht Phobail in Éirinn ar fáil tríd an tseirbhís cliceáil agus bailigh i Leabharlanna Fhine Gall agus is féidir é a cheannach ó Wordwell Books Ltd.

Tuilleadh Eolais

Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall, ríomhphost [email protected]   teileafón 087-7784669

 

Partnership and Participation Cover