Bí réidh le Seachtain na Gaeilge 2025 a cheiliúradh i bhFine Gall
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú chun ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge 2025 a bheidh ar siúl ón 1ú-17ú Márta. Ag teacht le haidhm na féile idirnáisiúnta Gaeilge seo táimid ag spreagadh gach duine úsáid a bhaint as cibé Gaeilge atá acu – Bain Triail Aisti. Tá imeachtaí na Comhairle ar siúl i Halla an Chontae, Sord, sna Leabharlanna Áitiúla, in Ard Giolláin agus in Ionad Seamus Ennis, agus go leor imeachtaí eile á n-eagrú ag grúpaí Gaeilge ar fud an Chontae.