Comhshaol

Tuairisciú ar Ghearáin Madraí

Rialú Ainmhithe

Is cion é tafann iomarcach atá ina núis torainn a bheith ar siúl ag madra(í). Is féidir leis an gCúirt Dúiche ordú a dhéanamh ag éileamh tafann iomarcach madra a laghdú, teorainn a chur le líon na madraí atá á gcoinneáil in áitreabh áirithe nó treoir a thabhairt go dtabharfaí madra ar láimh do mhaor madraí mar mhadra nach bhfuil ag teastáil. Is féidir clamhsán a dhéanamh faoi thafann iomarcach chuig an gCúirt Dúiche faoi Rialacháin Torainn.

Sula ndéanann tú é sin ní mór duit a chur in iúil d’úinéir an mhadra go bhfuil tú chun clamhsán a dhéanamh. Déanann tú é sin trí Fhoirm Ailt 108 faoin Acht um Rialú Madraí 1986 a chomhlánú. Tá foirm Ailt 108 le fáil ón gCúirt Dúiche. 

Dog Noise Complaint Form - Irish