Oidhreacht Fhine Gall de réir ceantair - Baile Brigín

Nuair a smaoinímid ar Bhaile Brigín smaoinímid ar an saol tionsclaíoch a bhí ann tráth den saol nó ar an gcuan álainn ansin. Ach léirigh torthaí ó thochailtí seandálaíochta a rinneadh le gairid gur cuid de thírdhreach i bhfad níos ársa é ‘baile na sléibhte beaga’.

 

Seandálaíocht agus Stair

In áit a bhfuil slí chun farraige, aibhneacha agus talamh mhaith talmhaíochta b’áit bhreá ó thús ama ar fad a bhí sa talamh timpeall ar chósta Bhaile Brigín do dhaoine le cur fúthu ann. Go deimhin is fada daoine ag rá go bhfuil tuamaí pasáiste Bhrí Mhór ó thuaidh de Bhaile Brigín níos sine ná na cinn ag Sí an Bhrú agus Cnóbha i nGleann na Bóinne. Thángthas ar an gcéad teach Neoiliteach i mBaile Brigín sna tochailtí seandálaíochta a rinneadh sular tógadh na heastáit tithíochta amach ó Lána na Gráige. Seo é an áit is dóigh ar mhair an dream a thóg na tuamaí agus na chéad feirmeoirí sa cheantar os cionn 5,000 bliain ó shin. Ba le cláir adhmaid, thart ar 6m ar leithead, a tógadh iad agus bhí doras ar an taobh thiar díobh. Thángthas freisin ar chriadóireacht neoiliteach, ar uirlisí cloiche agus ar cheann tua cloch shnasta.

Flemington neolithic axe300x189

Ceann tua neoiliteach ó Bhaile an Phléimeannaigh (le caoinchead Teresa Bolger)

Flemington pins300x217

Bioranna chaitheadh cónaitheoirí luath-Chríostaí i mBaile an Phléimeannaigh agus i gCluain Ard (le caoinchead Teresa Bolger)

Is é an suíomh is fearr aithne ón luath-mheánaois sa cheantar ná Lann Bechaire nó Eaglais an Bheachaire ag Brí Mhór a bhain leis na Naoimh Molaga agus Mo Domnóc, beirt a rinne staidéar le Naomh Dáibhí sa Bhreatain Bheag. Meastar go raibh an bhunsraith ó thús ar fad lonnaithe ar an talamh ina bhfuil eaglais mheánaoiseach agus reilig Naomh Molaga, anois, gar do Chaisleán Bhrí Mhór. Tá láithreán eile atá ar eolas ón tréimhse siar ón mbaile i mBaile Stiofáin áit ar thug feirmeoir a bhí ag grádú talún uaimh thalún faoi deara. Tugadh ráth faoi deara i suirbhé geoifisiceach a rinneadh ina dhiaidh sin agus córas páirceanna timpeall air. Rinneadh tochailt ar chuid de dhíog amuigh agus léiríodh go raibh sí in úsáid idir deireadh an 7ú agus lár an 10ú haois. Rinneadh tochailt faoi rud ar a dtugtar Cúirt Hasting i mBaile an Phléimeannaigh anois, cuid de choimpléasc fairsing ina mbíodh daoine ina gcónaí i rith na tréimhse céanna nach mór. Bhí arbhair á mbualadh agus á dtriomú mar chuid den ghníomhaíocht talmhaíochta ansin. Rud neamhghnách ná go raibh sainchórais bainistíochta uisce in áit lena n-áirítear díoga agus sistéil rud a thug le fios gur dóigh go raibh sé an-fhliuch ag an am. B’fhéidir go bhfuarthas fuascailt éigin áfach toisc gur thángthas ar shlige E-ghréithe (E ware). Is ó iarthar na Fraince an chriadóireacht seo agus bhíodh sé in úsáid chun fíon a iompórtáil mar sin is cinnte go raibh áitritheoirí Bhaile an Phléimeannaigh sách cleachtach ar a gcuid Bordeaux sa seachtú haois!

geophys stephenstown300x196

Suirbhé Geoifisiceach ar an ráth i mBaile Stiofáin le Target Ltd (le caoinchead IAC Ltd.)

Stephenstown Castle300x225

Is séadchomhartha seandálaíochta taifeadta é caisleán Bhaile Stiofáin

Tá sé seo marcáilte ar na léarscáileanna mar ‘chaisleán’ agus tá iarsmaí túrthí b’fhéidir ar eolas le fada an lá i mBaile Stiofáin. Tá baint aige le Elizabeth Finglas agus rinneadh cur síos air mar áit a dódh i 1654. Píosa beag ó thuaidh de tá suíomh séipéil taifeadta i mBaile an Phúcaigh. Mar sin féin nocht obair a rinneadh ar bhóthar Faoisimh Lasmuigh Bhaile Brigín agus ar na tailte tionsclaíocha idir an caisleán agus an séipéal áitheanna arbhair ón meánaois, ábhar a d’fhéadfadh a bheith ina bhunsraith tí agus ar chriadóireacht ón 13ú go dtí an 15ú haois ag tabhairt le fios go raibh lonnaíocht mhainéarach mheánaoiseach sa cheantar.

Bremore Castle Drawing300x225

Líníocht Austin Cooper de Chaisleán Bhrí Mhór ó 1783 ina dtaispeántar halla daingnithe agus tithe amuigh

Tá an méid atá ar eolas againn faoi lonnaíocht níos déanaí dírithe ar Chaisleán Bhrí Mhór áit a raibh feirm ag teaghlach Barnewall ón ré mheánaoiseach. Tugadh cead cuan nua a thógáil, ar a tugadh Orde nó an Cuan Nua, agus is féidir a chuid iarsmaí a fheiceáil thíos faoin gceann tíre ag Brí Mhór. Bhí cónaí ar theaghlach Barnewall i gCaisleán Bhrí Mhór agus i 1567 bhí caisleán, gairdíní, ocht dtionóntán, úllord agus páirc ann.  Is cosúil go ndearnadh ionsaí ar an gcaisleán i rith chogaí na Comhdhála toisc go ndearnadh cur síos air mar chaisleán dóite sna 1640idí. Thángthas ar chaor gunna mhóir sna tochailtí seandálaíochta sa pháirc gar don chaisleán agus is dóigh go raibh baint aige sin leis an ionsaí.

I 1659 bhí díreach os cionn 30 duine ina gcónaí i mBaile Brigín (i gcomparáid le 204 i mBaile an Ridire) a bhí liostaithe mar Fheirm Mhór agus Bheag Bhaile Brigín. Ach go luath san 18ú haois tháinig athrú ar rathúnas an bhaile nuair a cheannaigh an Barún Hamilton eastáit Bhaile Brigín agus Bhaile an Ridire ó theaghlach Barnewell. I 1762 thug George Hamilton ordú go dtógfaí cé aolchloiche agus cuireadh an teach solais leis i 1769. Cuireadh arbhar agus adhmad ar lastas as seo go Learpholl agus go Baile Átha Cliath agus tugadh sclátaí agus gual isteach sa tír. I 1780 bhunaigh an Barún cruógach na muilte cadáis freisin agus bhí Baile Brigín anois ina áit thábhachtach maidir le déantúsaíocht agus trádáil. Tharla sé freisin i 1780 gur bhunaigh Joseph Smyth agus a chol ceathrar an tUasal Hatton an gnólacht Smyth & Co. i mBaile Brigín áit a raibh an gnó ag trádáil ar feadh breis is 200 bliain agus rinne siad gaisce mór agus custaiméirí mar  Bhanimpire na hOstaire, Bhansár na Rúise agus an Bhanríon Victoria as an Bhreatain acu. Taobh amuigh díobh siúd a bhí fostaithe go díreach sna monarchana cadáis nó a bhí ag obair ar sheolta láimhe, thug sníomhaithe, gaibhne, grúdairí, búistéirí, fíodóirí agus táilliúirí aghaidh ar an mbaile nua anois. Faoin mbliain 1837 bhí daonra Bhaile Brigín méadaithe go dtí breis is 3,000. 

Béaloideas

Is minic go mbíonn cuid den fhírinne i scéalta go háirithe nuair a bhíonn ceangal acu le logainmneacha – fuarthas cnámharlaigh ársa i bpáirceanna ar ar tugadh Páirc na gCnámh agus lonnaíochtaí atá dearmadta le fada an lá i Seanbhailte. Is carn cloch é Uaigh an Mhairnéalaigh ar an taobh ó thuaidh de Thrá an Rí mar a thugtar air toisc go ndéanann sé comóradh ar na daoine a bhásaigh ar longa mar an Belle Hill agus Sarah of Runcorn a chuaigh go grinneall amach ó Charraig Charda in aice láimhe. De réir an tseanchais cuireann cuairteoirí cloch leis an gcarn.

An raibh a fhios agat?

Gur baineadh uchtbhallaí Thúr Martello Bhaile Brigín am éigin i ndiaidh na 1920idí agus gur úsáideadh iad nuair a bhí na tithe á dtógáil ar Shráid Dhroichead Átha?

An raibh a fhios agat?

Gur rugadh Sinéad de Valera, nó Jane Flanagan sular phós sí, údar Irish Fairy Tales agus bean chéile an Uachtaráin Éamon de Valera i mBaile Brigín? Baisteadh í i séipéal Naoimh Peadar agus Pól an 2 Iúil 1878.

An raibh a fhios agat?

Gur coinnle is túisce a úsáideadh sa teach solais? Tosaíodh ag úsáid laindéar gáis agus frithchaiteoirí in ionad na gcoinnle níos déanaí. Úsáideadh teach solais Bhaile Brigín mar sholas farraige go dtí gur osclaíodh an teach solais ar Chloch Dábhiolla in 1860.

An raibh a fhios agat?

Go raibh céad leanaí, cuid díobh chomh hóg le cúig agus sé bliana d’aois, fostaithe i muilte Bhaile Brigín i 1789?

Foghlaim níos mó

Leabharlann Léann Áitiúil Fhine Gall, Teach Chluain Meala, Bealach Forster, Sord.  [email protected]

Leabharlann Bhaile Brigín, Cearnóg Sheoirse, Baile Brigín  [email protected]

Baker, C. 2010, Antiquities of old Fingal; the archaeology of north County Dublin. Wordwell. Baile Átha Cliath.

Cumann Staire Bhaile Brigín  & Ceantair 1999, Balbriggan: A History for the Millenium. Comhairle Baile Bhaile Brigín.

Cumann Staire Bhaile Brigín  & Ceantair 2004, The Hamilton Family & the making of Balbriggan. Cumann Staire Bhaile Brigín  & Ceantair.

Bolger T. 2009, ‘Organising the landscape: archaeological excavations at Flemington, Balbriggan’ in Baker, C. (eag.) Axes, Warriors & Windmills: Recent archaeological discoveries in North Fingal. Comhairle Contae Fhine Gall.

Kavanagh, H. 2011 Archaeological Excavation at Stephenstown Area 6, Baile Brigín. IAC Ltd. Tuarascáil neamhfhoilsithe Cartlann na Séadchomharthaí Náisiúnta

Long, P. 2010 Archaeological Investigations in the townlands of Stephenstown and Folkstown Little, Balbriggan, Headland archaeology Ltd. Tuarascáil neamhfhoilsithe, Cartlann na Séadchomharthaí Náisiúnta 

O’Carroll, F. ‘Bremore, Co. Dublin, the field by the Castle’ in Baker, C. (eag.) Axes, Warriors & Windmills: Recent archaeological discoveries in North Fingal. Comhairle Contae Fhine Gall.