Aimsigh Sráidbhaile Fhine Gall agus an tob-Ghaeltacht ag Blasanna Fhine Gall i mbliana

Tá ríméad orainn Comhairle Contae Fhine Gall a chur ar taispeáint arís i mbliana ag Seó Bhlasanna Fhine Gall i dTeach an Droichid Nua, Domhnach Bat, an 5 Iúil agus an 6 Iúil ó 11am go dtí 6pm. 

fingal village

Tá ríméad orainn Comhairle Contae Fhine Gall a chur ar taispeáint arís i mbliana ag Seó Bhlasanna Fhine Gall i dTeach an Droichid Nua, Domhnach Bat, an 5 Iúil agus an 6 Iúil ó 11am go dtí 6pm. Bí linn ag Sráidbhaile Fhine Gall, atá suite sa Gharraí Daingean gleoite, áit a mbeidh roinnt rannóg den Chomhairle ag plé leis an bpobal trí ghníomhaíochtaí idirghníomhacha éagsúla.

I mbliana, tá go leor comhoibrithe againn sa Rannóg Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taistil Ghníomhaigh agus Spóirt, agus taispeántais á dtabhairt ag The Dublin Polishers ar conas troscán athúsáidte a uaschúrsáil, mar aon le teicnighiomnáisiam agus scanóir coirp.

Beidh baill de Picker Pals i láthair leis an bhfoireann Taistil Ghníomhaigh. Is clár cumhachtach um athrú iompraíochta é Picker Pals. Tá an-rannpháirtíocht ann agus tá an-tóir air. Stiúrann múinteoirí an clár, gníomhachtaíonn leanaí é, leathnaíonn tuismitheoirí é agus tá meas ag pobail air. Lasmuigh den phuball, cuirfear roinnt cluichí garraí ar siúl a bheidh oiriúnach do chách. 

Beidh an fhoireann Seirbhísí Digiteacha ag tabhairt eispéireas gléas cinn réaltachta fíorúla ina n-úsáidtear teicneolaíocht cheannródaíoch Oculus ag a stalla. Tar agus clois buntáistí na cumarsáide candamaí le Smart Balbriggan agus le Lárionad CONNECT, a bheidh suite lasmuigh den phuball. Is aonad nuálach rannpháirtíochta soghluaiste é sin atá deartha chun teicneolaíochtaí candamacha a thabhairt chun beatha do phobal na hÉireann. Beidh na taighdeoirí teicneolaíochtaí candamacha ó Lárionad CONNECT ar an láthair chun na coincheapa a thaispeáint. Labhair leo – tá fáilte roimh gach ceist!

Bí le hOifig Ealaíon Fhine Gall agus leis na máistrí déanta priontaí ó Graphic Studio Dublin i bPuball an tSráidbhaile le haghaidh gníomhaíocht phraiticiúil a thugann draíocht na priontála mín-ealaíne chun beatha. Agus úsáid á baint agat as plátaí atá coimisiúnaithe go speisialta agus a bhfuil sainchomharthaí tíre aitheanta Fhine Gall orthu, cruthóidh tú do phrionta lámhdhéanta féin le tabhairt abhaile leat. Beidh an ghníomhaíocht sin ar siúl ó 11am go dtí 1pm agus ó 2pm go dtí 4pm ar an dá lá agus oireann sí go maith do leanaí fiosracha cruthaitheacha agus d’aosaigh fhiosracha chruthaitheacha araon! 

pop up gaeltacht fingal village

Tá ríméad orainn tob-Ghaeltacht a sholáthar arís ar ardán an Sciobóil Dheirg, áit ar féidir leat páirt a ghlacadh i roinnt cluichí spraíúla leis na leanaí agus deis a bheith agat páirt a ghlacadh i gCiorcal Comhrá chun triail a bhaint as do chuid Gaeilge Shnasta nó as do Chúpla Focal. Dé Domhnaigh, beidh tú in ann éisteacht le roinnt ceoil ó Chomhaltas Leithinis ó 2pm go dtí 4pm. 

Beidh an Oifig Ealaíon ag dul ar ardán na tob-Ghaeltachta/an Sciobóil Dheirg freisin le haghaidh Spark & Tell, eispéireas dinimiciúil scéalaíochta. Agus é ar siúl ar an dá lá ó 1pm go 1.45pm, beidh ealaíontóirí Fhine Gall ag imeacht as a stiúideonna agus ag teacht chun solais chun a scéalta agus a gcleachtas cruthaitheach a chur in iúl.  Tá Spark & Tell deartha chun bheith mealltach do chách agus tugann sé cuireadh do theaghlaigh, do dhaoine móra ealaíne agus do dhaoine fiosracha chun teacht agus inspioráid a fháil! 

Beidh leabharlanna ar ais sa phuball i mbliana, agus neart faisnéise agus bronntanas á dtabhairt acu do dhaoine ar mian leo labhairt faoi leabhair – agus faoina gcuid seirbhísí eile! Ag an Leabharlann Shoghluaiste os comhair Theach an Droichid Nua, beidh Sarah Sparkles agus Waffles the Clown ag taibhiú. Beidh péinteáil aghaidhe agus spraoi ar fáil do chách!

Beidh go leor rannóga eile ar fud na Comhairle ag déanamh taispeántais le linn dheireadh seachtaine Bhlasanna Fhine Gall agus beidh an Sráidbhaile ar oscailt ó 11am go dtí 6pm gach lá.

Ina measc sin:

  • Beidh an fhoireann Tithíochta ag tabhairt faisnéis faoin Deontas um Réadmhaoine Folmha a Athchóiriú agus beidh sí ag cur na scéime Tithíochta Inacmhainne chun cinn
  • Beidh an fhoireann Forbartha Pobail ag tabhairt faisnéis faoi Fhorbairt Pobail agus faoi conas Líonra Rannpháirtíochta Pobail a chlárú
  • Beidh an fhoireann Turasóireacht Fiontraíochta Eacnamaíche agus Forbartha Cultúrtha i láthair chun faisnéis a thabhairt faoi Thionscadail Eorpacha.

Tar agus aimsigh an raon éagsúil seirbhísí agus gníomhaíochtaí atá ar fáil ó Chomhairle Contae Fhine Gall. Ná caill an deis iontach seo chun caidreamh a dhéanamh le do phobal agus chun taitneamh a bhaint as deireadh seachtaine a bheidh lán de spraoi!

Tuilleadh eolais www.flavoursoffingal.ie 

Fingal village image