Fingal County Council purchase properties for social housing

An Ligean Rogha-Bhunaithe

Discover More

Córas nua Rogha Tithíochta 2021 á thabhairt isteach

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall seoladh tairsí nua ar líne lena n-éascófar scéim Rogha Tithíochta (CBL) a fhógairt. Is cur chuige é CBL a úsáidtear chun Aonaid Tithíochta Sóisialta ainmnithe a leithdháileadh. Tugtar deis leis d’iarratasóirí ar thithíocht spéis a léiriú go ndéanfaí iad a chur san áireamh maidir le leithdháileadh Aonad Tithíochta Sóisialta ainmnithe.Beidh iarratasóirí ar thithíocht in ann an tairseach CBL a úsáid chun a gcuid spéise sna tithe cónaithe a bheidh ar fáil agus a fhógrófar a chur in iúl.

Féadfaidh iarratasóirí a bhfuil iarratais ghníomhacha acu rochtain a fháil ar Rogha Tithíochta anois trí logáil isteach ar >>> https://cbl.fingal.ie  <<< ag baint úsáid as an ainm úsáideora agus pasfhocal ar leith atá acu. Chun d’ainm úsáideora agus pasfhocal ar leith a fháil, déan teagmháil le [email protected] le d’uimhir thagartha tithíochta agus d’uimhir theileafóin.

 

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

 

Déanfar na tithe cónaithe CBL a bheidh ar fáil a fhógairt ar bhonn seachtainiúil ón 10.00am Dé Céadaoin go dtí 5pm An Mháirt dar gcionn ar https://cbl.fingal.ie

Logálfaidh iarratasóirí ceadaithe ar Thithíocht Shóisialta isteach gach seachtain lena n-ainm úsáideora agus pasfhocal (féach thuas) chun breathnú ar na tithe cónaithe a bheidh ar fáil an tseachtain sin. Ní mór léiriú spéise sa teach cónaithe a dhéanamh ar líne faoi 17.00 ar an Máirt i ndiaidh fhoilsiú an fhógra.

TABHAIR AR AIRD NACH BHFUIL TEACH CÓNAITHE AR BITH AR FÁIL AR CBL FAOI LÁTHAIR. DÉANFAR TITHE CÓNAITHE A FHÓGAIRT SNA SEACHTAINÍ ATÁ AMACH ROMHAINN.