Fáilte chuig láithreán gréasáin an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí

Sanntar feidhmeanna an údaráis inniúil trí reachtaíocht do Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall a fhaigheann cúnamh ó phríomhfhoireann ar a bhfuil baill foirne atá ainmnithe chun cuidiú léi a dualgais a chur i gcrích. Forlíonann saineolaithe speisialtóirí foireann an Údaráis Inniúil agus tacaíonn léi nuair is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar dualgais an Údaráis Inniúil de réir rialacha agus nósanna imeachta na reachtaíochta. 

Tá an tÚdarás Inniúil freagrach as a chinntiú go ndéantar measúnú ar thorann a ghineann  gníomhaíochtaí aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath de réir reachtaíocht an AE agus reachtaíocht na hÉireann agus as a chinntiú go gcuirtear Cur Chuige Tomhaiste na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i bhfeidhm nuair a aithnítear fadhb torainn ag an aerfort. 

Áirítear gné monatóireachta ar ár ról a bhaineann le bearta maolaithe torainn agus srianta oibriúcháin a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm.

Déanaimid iarratais pleanála d’fhorbairtí ag an aerfort a athbhreithniú chun a dheimhniú cibé an bhfuil nó nach bhfuil gné i gceist leis an iarratas a bhféadfadh fadhb maidir le torann ó aerárthaí a bheith mar thoradh léi.  

An Príomhfhoireann

Sanntar feidhmeanna an údaráis inniúil trí reachtaíocht do Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall a fhaigheann cúnamh ó príomhfhoireann ar a bhfuil baill foirne atá ainmnithe chun cuidiú léi a dualgais a chur i gcrích. Forlíonann saineolaithe speisialtóirí foireann an Údaráis Inniúil agus tacaíonn léi nuair is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar dualgais an Údaráis Inniúil de réir rialacha agus nósanna imeachta na reachtaíochta.

 

 

ANCA team photo 2024