Monatóireacht ar Bhearta Maolaithe Torainn

Ceanglaítear faoin Acht um Thorann Aerárthaí (Aerfort Bhaile Átha Cliath) a Rialáil, 2019 ar an údarás aerfoirt tuarascáil ar chomhlíonadh a réiteach uair sa bhliain maidir le bearta maolaithe torainn agus srianta oibriúcháin ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Ceanglaítear ar ANCA na tuarascálacha a fhoilsiú chomh maith le haon eolas breise a iarrtar de réir mar is ábhartha do na gnóthaí a bhaineann leis an tuarascáil ar chomhlíonadh. Tá na tuarascálacha ar chomhlíonadh ar fáil thíos.

Tá sainchúram ag ANCA monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chomhlíontacht le bearta maolaithe torainn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Agus an ról sin á chomhlíonadh bíonn cruinnithe rialta ag ANCA leis an údarás aerfoirt agus tá miontuairiscí na gcruinnithe sin ar fáil thíos.