Straitéis Dhigiteach An Fhís

AN FHÍS

Is í an fhís atá againn ná go ndéanfar ár ndícheall Fine Gall a fhorbairt mar cheantar ionas gurb é an áit is fearr in Éirinn chun cónaí nó obair ann, chun cuairt a thabhairt air agus chun gnó a dhéanamh ann. Tá sé mar aidhm ag an straitéis seo pobail agus gnóthais a spreagadh agus a thacú ionas gur féidir leo na buntáistí iomlána a bhaineann le sochaí atá cumasaithe go digiteach a bhaint amach.

Ní faoin teicneolaíocht amháin a mbítear ag caint nuair a thagraítear don ghné dhigiteach, ach faoin tslí ina mbítear ag maireachtáil, ag idirnascadh agus ag obair chomh maith. Baineann an straitéis seo, mar sin, leis an gcaoi a soláthraímid ár seirbhísí poiblí, ár mbonneagar, ár spásanna, ár ngeilleagar agus ár bpoist agus leis an gcaoi a dhéanaimid iad a fheabhsú i bhFhine Gall, anois agus go ceann na mblianta amach anseo.

Is é príomhaidhm Straitéis Dhigiteach Fhine Gall ná tacú le pobail, le gnóthais agus le saoránaigh a lán acmhainneacht a bhaint amach maidir le teicneolaíochtaí leathanbhanda agus digiteacha. Tá fís ag Comhairle Contae Fhine Gall go mbeadh ag gach aon fhiontar, pobal agus saoránach sa Chontae ar fad na nithe seo a leanas:

  • Rochtain ar an mbonneagar leathanbhanda ardluais.
  • Tuiscint faoi na feidhmeanna agus na buntáistí féideartha go léir gur féidir baint as an mbonneagair seo.
  • An acmhainneacht agus na scileanna atá riachtanach chun a bheith in ann na deiseanna uile a bhíonn ar fáil i sochaí atá éascaithe ar bhonn digiteach a aithint agus leas a bhaint astu.
  • Rochtain ar sheirbhísí ar líne na Comhairle.
  • Deiseanna jabchruthúcháin feabhsaithe a bheith ann mar gheall ar an ngeilleagar digiteach.

Tugadh faoi phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin agus rannpháirtíochta d’fhonn Straitéis Dhigiteach atá ionchuimsitheach a chur i gcrích i bhFine Gall. Bhí roinnt beart i gceist leis an bpróiseas seo, lena n-áirítear páipéar saincheisteanna poiblí a fhorbairt, ceardlanna smaointeoireachta deartha i gcomhar le grúpaí straitéiseacha pobail agus fiontar agus suirbhé comhairliúcháin a fhorbairt chun an rannpháirtíocht sa phobal a spreagadh. Is féidir teacht ar sonraí breise faoi phróiseas comhairliúcháin na Straitéise Digití i gCaibidil a seacht agus i gCaibidil a hocht den doiciméad seo.

Tá ceithre chrann taca lárnacha aitheanta againn chun tacú leis an bhfís seo agus chun forbairt agus claochlú digiteach Fhine Gall a threorú.

strategy 3

An Bonneagar Digiteach

Bonneagar digiteach den scoth a fhorbairt ar fud Fhine Gall, lena ndéan- far cinnte de go bhfuil an bonneagar digiteach atá oiriúnach don fheidhm curtha ar fáil ar fud Fhine Gall, sna ceantair tuaithe agus uirbeacha araon.

strategy 5

An Pobal Digiteach

Saoránaigh agus pobail a chumhachtú a bheith in ann páirt a ghlacadh i bhforbairt a bpobal agus iad a chur ar a gcumas na pobail sin a chur chun cinn agus tacú leo rochtain a fháil ar scileanna digiteacha, agus ar sheirbhísí digiteacha go mbeifear in ann deiseanna a chur ar fáil do chuile dhuine dá bharr.

strategy 6

An Gnó Digiteach

Ár ndícheall Fine Gall a fhorbairt mar cheantar ionas gurb é an áit is fearr chun gnólacht a thionscain agus a fhás araon. Leanfaimid orainn ag tacú leis an ngeilleagar digiteach trí thacaíochtaí agus áiseanna ríthábhachta- cha a chur ar fáil do ghnólachtaí agus d’fhiontraithe.

strategy 7

An Rialtas Digiteach

Príomhsheirbhísí poiblí a athrú ó bhonn, agus béim curtha san athrú sin ar éifeachtúlachtaí agus an inrochtaineacht do chách a chur ar aghaidh chomh maith le seirbhísí digiteacha poiblí a dhearadh atá uilechuim- sitheach ar bhonn uathoibríoch.

Forbraíodh na crainn taca seo de réir a chéile i rith chéim na straitéise chomhairliúcháin.

Tá na crainn taca ailínithe go dlúth le Creat Straitéise Digiteach Náisiúnta na hÉireann10 agus leis an gCreat Straitéise Digití Áitiúla arna fhorbairt ag Indecon Economic Consultants.

11 Tá creat téamach Fhine Gall ailínithe go dlúth le Pleananna agus Straitéisí Áitiúla Chomhairle Contae Fhine Gall agus tá an cleachtas idirnáisiúnta is fearr maidir le straitéisí digiteacha, mar a thagraítear dó i gCaibidil a seacht den doiciméad seo, léirithe sa chreat.