An Rialtas Digiteach

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta don nuálaíocht a spreagadh sna seirbhísí poiblí agus bímid gcónaí ag iarraidh na seirbhísí a sholáthraímid don phobal a fheabhsú agus a fhorbairt. Is í an fhís a ghabhann leis an gcrann taca seo ná príomhsheirbhísí poiblí a athrú ó bhonn, agus béim curtha san athrú sin ar éifeachtúlachtaí agus an inrochtaineacht do chách a chur ar aghaidh chomh maith le seirbhísí digiteacha poiblí a dhearadh atá uilechuimsitheach ar bhonn uathoibríoch.

Tá an crann taca seo dírithe ar thrí phríomhchuspóir:

  • Seirbhís den scoth a chur ar fáil don chustaiméir.
  • An rochtain atá ar seirbhísí ar líne atá so-úsáidte, inrochtana a mhéadú
  • Cultúr den feabhsúchán leanúnach, agus den trédhearcacht, den nuálaíocht agus den inbhuanaitheacht a chur chun cinn.

An Staid Mar Atá

Le blianta fada anuas, tá Fine Gall ag tús cadhnaíochta i ndáil le cúrsaí digiteacha a chur chun cinn, go háirithe uirlisí digiteach a fheabhsaíonn caighdeán beatha an tsaoránaigh.

Tá Fine Gall spriocdhírithe ar sheirbhísí nuálacha, atá costéifeachtach agus dírithe ar shaoránaigh a sholáthar, agus sin le brath san fhíoras gur glacadh leis na sonraí oscailte agus le seirbhísí sonraí-tiomáinte go luath, sa tslí a bhfuiltear tar éis na seirbhísí atá os comhair na gcustaiméirí athdheartha, agus sa chur chuige nuálach i leith an chomhairliúcháin phoiblí agus cruinnithe de chuid na Comhairle.

 

Cuspóir: Seirbhís den scoth a chur ar fáil don chustaiméir

An staid mar atá

Is ról bunúsach de chuid an Údaráis Áitiúil seirbhís do chustaiméirí a sholáthar.

Is dea-shampla é an tAetriam i Halla an Chontae, i Sord, ar an gcaoi a bhfuiltear ar baint úsáide as an teicneolaíocht i bhFine Gall chun eispéireas an chustaiméara a fheabhsú; sa chomhthéacs sin is féidir le custaiméirí teacht go héasca ar acmhainní agus seirbhísí.

Tá an tAitriam feistithe le limistéir féinseirbhíse atá cumasaithe le sraith de theicneolaíochtaí idirghníomhacha agus tá Crios Tiomnaithe don tSeirbhís do Chustaiméirí ann chomh maith. Soláthraíonn an spás déchuspóir don phobal, le spás imeachta ilfheidhmeach nua a fhreastalaíonn ar imeachtaí cathartha, pobail agus gnó.

 

A bhfuil sé mar aidhm againn a bhaint amach

Tá sé mar aidhm ag an gComhairle príomhsheirbhísí poiblí a athrú ó bhonn le bheith digiteach, ag díriú ar éifeachtúlachtaí a thiomáint ar fud na heagraíochta agus eispéireas an chustaiméara don saoránach a fheabhsú.

Táimid chun leanúint le seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar san ionad teagmhála do Chustaiméirí, agus eispéireas a sholáthar do chustaiméirí ar líne agus as líne araon a thagann le chéile go deas agus nach mbraithfear an difríocht eatarthu.

Bainfimid úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun dearadh seirbhísí a chumasú a fhreastalaíonn ar riachtanais saoránach agus gnóthas, atá níos éasca do shaoránaigh agus do ghnólachtaí a úsáid, agus atá níos costéifeachtaí don Chomhairle a sholáthar.

Cuimseoidh athdhearadh shuíomh Gréasáin na Comhairle úsáid físeáin agus íomhánna oideachasúla chun seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana don phobal.

Cuspóir:  An rochtain atá ar seirbhísí ar líne atá so-úsáidte, inrochtana a mhéadú

An staid mar atá

I measc na nuálaíochtaí digiteacha eile atá curtha chun tosaigh ag an gComhairle tá tairseach comhairliúcháin a fhorbairt, cruinnithe Comhairle um sruthú beo agus athdhearadh a dhéanamh ar Láithreán Gréasáin Fhine Gall le déanaí chun seirbhísí soghluaiste idirghníomhacha tarraingteacha a sholáthar do shaoránaigh agus do chuairteoirí Fhine Gall.

Rinneadh Fingal.ie a athchóiriú agus a dhearadh go hiomlán chun eispéireas idirghníomhach a thabhairt do shaoránaigh.

Tá an suíomh gréasáin ceannródaíoch nua, a bhfuil béim láidir curtha ann ar nascleanúint éasca, ar íomhánna iontacha agus ar ábhar ábhartha, dírithe ar cheithre chrann taca lárnacha, ar a dtugtar an Chomhairle, an Cónaitheoir, an Gnó agus an Cuairteoir, agus ar chrainn taca thánaisteacha lena gcuimsítear Nuacht agus Imeachtaí.

Is ionann crann taca na Comhairle agus leagan nua de shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gallagus tá na trí chrann taca eile dírithe ar lucht ar leith faoi seach chun cur leis an fheasacht ata ag an lucht sin faoina bhfuil á thairiscint ag Comhairle Contae Fhine Gall.

A bhfuil sé mar aidhm againn a bhaint amach

Tá claochlú digiteach inmheánach bunúsach chun seirbhísí níos fearr a sholáthar, éifeachtúlachtaí a thiomáint, agus torthaí níos fearr dá bharr.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt faoi chlár claochlaithe digití san ionad oibre faoi láthair, ina bhfuiltear ag scrúdú an chaoi a mbímid ag obair, an tslí a ndéanaimid an chumarsáid agus a ndéanaimid seirbhísí a sholáthar don phobal.

Féachfaidh an clár seo ní amháin le seirbhísí níos fearr a sholáthar don phobal, cuirfidh sé feabhas freisin ar eispéireas an fhostaí, meallfaidh sé tallann don eagraíocht agus cruthóidh sé fórsa saothair níos aclaí. Cuirfidh an clár seo athrú mór claochlaithe i bhfeidhm ar na daoine, na próisis agus na sócmhainní laistigh den eagraíocht, agus na seirbhísí a sholáthraímid do Chomhaltaí Tofa agus do dhaonra níos leithne Fhine Gall.

Tá an dúil chun teacht chun staid dheiridh mar bhonn léi, staid ina mbeidh an acmhainneacht agus na deiseanna go léir uasmhéadaithe trí mheascán de theicneolaíochtaí digiteacha chun modhanna ardchaighdeáin oibre, comhoibrithe agus cumarsáide atá slán, comhsheasmhach agus inbhuanaithe a chumasú gur féidir iad a dhéanamh ó aon ghléas ar bith, ó aon áit ar bith agus ag aon am ar bith.

 

 

Cuimsíonn an clár um chlaochlú digiteach iliomad sruthanna oibre thar thréimhse cúig bliana agus cuirfidh sé le hathrú cultúrtha ar leibhéal níos leithne. I measc na mórchlár claochlaithe tá:

 

  • An t-aistriú go Office 365 agus go néalteicneolaíochtaí chun an t-oibriú agus an comhoibriú soghluaiste solúbtha a éascú ar fud na heagraíochta.

 

  • Ionad teagmhála custaiméirí agus córas teileafónaíochta fiontar den scoth a chur i bhfeidhm, ag cinntiú gur féidir le cónaitheoirí teagmháil a dhéanamh go hiontaofa agus go comhsheasmhach ón gcomhairle.

 

  • Clár éigeantach foghlama agus forbartha a dhearadh agus a reáchtáil agus deiseanna foghlama leanúnacha a sholáthar don fhoireann uile chun a muinín dhigiteach a mhéadú, dea-chleachtais chibearshlándála a chur ar bun, litearthacht sonraí, feasacht agus maoirseacht a fheabhsú, agus cultúr digiteach a leabú lena n-áirítear modhanna lúfar agus oibriú go hoscailte.

 

Úsáidfidh an Chomhairle teicneolaíochtaí digiteacha freisin chun seachadadh seirbhísí os comhair an phobail a chumasú agus a athrú. Déanfaimid iarracht a bheith nuálach agus na seirbhísí á ndearadh againn, seo bunaithe ar riachtanais na saoránach agus na ngnólachtaí, agus úsáidfimid teicneolaíochtaí digiteacha chun an claochlú seirbhíse ó dheireadh go deireadh a chumasú.

 

Cuspóir: Cultúr den feabhsúchán leanúnach, agus den trédhearcacht den nuálaíocht agus den inbhuanaitheacht a chur chun cinn

An staid mar atá

Tá an Chomhairle taobh thiar den ghluaiseacht chun glacadh le cultúr na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na nuálaíochta.

Tá sé seo le brath i mbearta éagsúla, agus ina measc forbairt an chéad ardáin sonraí oscailte in Éirinn, data.fingal.ie, agus nuálaíochtaí a éascú trí Thaighde Nuálaíochta do Ghnóthais Bheaga (SBIR) in Éirinn. Is é SBIR an tionscnamh náisiúnta um sholáthar réamhthráchtála nuálaíochta arna riar ag Fiontraíocht Éireann.

Is é an aidhm atá leis ná an nuálaíocht a chur chun cinn ar fud na hEarnála Poiblí ar fad in Éirinn, tríd an rannpháirtíocht láidir a ghlacadh i gcomhar le cuideachtaí agus eagraíochtaí atá saibhir ó thaobh teicneolaíochta de, trí dhúshláin iomaíocha a chur ar fáil.

In 2018, mar chuid de chlár forbartha foirne ‘Engage’, dhírigh an Chomhairle ar théama an athraithe aeráide. Mar gheall ar an aiseolas a bhfuarthas ón bhfoireann, rinne an Chomhairle réidh de na cupáin aon uaire go léir ónár gcuid ionad oibre, agus cuireadh KeepCup ar fáil do gach uile dhuine den 1,400 bhall foirne atá againn.
Mar gheall air sin, cuirfear deireadh leis na 53,000 cupán aon uaire a dtéann ón gComhairle go dtí an líonadh talún in aghaidh na bliana. In 2019, mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um an Athrú Aeráide, reáchtáil an Chomhairle sraith de cheardlanna agus imeachtaí chun tuairim an phobail a mheas agus chun aird a tharraingt ar bhealaí éagsúla inar féidir linn an inbhuanaitheacht a ionchorprú sa saol laethúil. Tá béim curtha sa Phlean Gníomhaíochta um an Athrú Aeráide d’Fhine Gall ar roinnt cuspóirí chun cur leis an inbhuanaitheacht agus leis an soláthar glasú, mar shampla cosc a chur ar úsáid earraí phlaisteacha aon úsáide in Oifigí na Comhairle agus tionscnaimh ghlasa a chur i bhfeidhm ag imeachtaí na Comhairle.

In 2019, rangaíodh Comhairle Contae Fhine Gall sa chéad áit in Innéacs Ionracas Náisiúnta Údaráis Áitiúla na hÉireann de chuid Transparency International (roinneamar an chéad áit).

 

A bhfuil sé mar aidhm againn a bhaint amach

Chun cultúr feabhsúcháin, trédhearcachta, nuálaíochta agus inbhuanaitheachta leanúnaí a chur chun cinn, rachaimid i dteagmháil leis an bhfoireann trí shraith imeachtaí, feachtais, ceardlann agus seisiún oiliúna.

Leanfaimid orainn ag tiomáint cleachtais nuálacha trí shonraí oscailte a fhoilsiú agus trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chontae trí SBIR agus trí sholáthar nuálach.

Cuirfimid an nuálaíocht san ionad oibre chun cinn le sraith imeachtaí agus ceardlanna eiseamláir le linn Sheachtain Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí, agus béim curtha ann ar thábhacht na nuálaíochta inár n-ionad oibre.

 

 

NA SPRIOCANNA TOSAÍOCHTA GUR FÉIDIR IAD A BHAINT AMACH

 

 

 

Crann Taca

An Gnó Digiteach

An Fhís

Ár ndícheall a dhéanamh chun Fine Gall a fhorbairt ionas gurb é an áit is fearr chun gnólacht a bheith agat, ó thaobh tionscnaimh agus fáis de araon.

Cuspóir

Seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar

Beart

Cur síos

Stádas

ETF

4.1

Leanúint le seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar san ionad teagmhála do Chustaiméirí.

Fós ar siúl

Caighdeán na seirbhíse do

chustaiméirí a thomhas agus

sástacht na gcustaiméirí a thomhas.

4.2

Le hathdhearadh láithreán gréasáin Fhine Gall déanfar sárthaispeántas ar na seirbhísí agus taitneamhachtaí i bhFine Gall trí shuíomh gréasáin nua a lainseáil a bheidh dírithe ar cheithre chrann taca bhunúsacha: An Chomhairle, an Cuairteoir, an Cónaitheoir agus an Gnó, agus dhá chrann taca tánaisteacha: Nuacht agus Imeachtaí.

Fós ar siúl

IInrochtaineacht fheabhsaithe ar sheirbhísí ar líne.

4.3

Réitigh cumarsáide nuálacha a fhorbairt chun saoránaigh a bhaint amach agus seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar.

2020

Feabhas a bheith curtha leis an idirchumarsáid cumarsáide atá curtha ar fáil taobh amuigh de na gnáthuaireanta oibre agus bota comhrá curtha ar fáil ar an láithreán gréasáin.

 

 

 

Rochtain a bheith curtha ar fáil ar Live Chat [an Comhrá Beo] le baill de chuid na Fhoirne um Sheirbhísí do Chustaiméirí le linn na n-uaireanta oscailte.

4.4

Aonad Cúraim Chustaiméirí a fhorbairt

ag Oifigí Cathartha Bhaile Bhlainséir, atá

feistithe le sraith de theicneolaíochtaí

digiteacha atá idirghníomhacha agus so-

úsáidte chun cabhrú leis an saoránach

rochtain a fháil ar sheirbhísí na Comhairle.

2020 -2023

Aonad Cúraim Custaiméirí a bheith curtha i mbun i mBaile Bhlainséir.

Cuspóir

An rochtain atá ar seirbhísí ar líne atá so-úsáidte, inrochtana a mhéadú

   

Beart

Cursíos

Stadas

ETF

4.5

Aipeanna nuálacha a fhorbairt chun próisis na sreafaí oibre a fheabhsú.

Fós ar siúl

Aipeanna bunathraitheacha a sholáthar lena gcuirfear feabhas le próisis oibre i.e.

Aip iniúchta aonad réad-mhaoine cíosa príobháideacha, aip iniúchta clós súgartha.

4.6

Seirbhísí poiblí straitéiseacha a dhigitiú agus a sheachadadh ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear iad a chur ar fáil go pearsanta ar an ionad, ar an bhfón, agus ar líne ar an láithreán gréasáin Fingal.ie.

Fós ar siúl

Digitiú na seirbhísí poiblí straitéiseacha a éascú lenan-áirítear tairseach ríomhphleanála a fhorbairt.

Cuspóir 

Cultúr den feabhsúchán leanúnach agus den trédhearcacht, den nuálaíocht agus den inbhuanaitheacht a chur chun cinn

   

Beart

Cur Síós

Stadas

ETF

4.7

An nuálaíocht a chur ar aghaidh trí shraith d’imeachtaí agus ceardlanna a chur ar siúl le linn seachtain nuálaíochta na seirbhíse poiblí.

2020 -

2023

Roinnt imeachtaí curtha ar fail dírithe ar an nuálaíocht san ionad oibre.

4.8

Clár foghlama agus forbartha a chur ar fáil lena gcuirfear an fhoireann ar a gcumas

a bheith níos solúbtha agus na scileanna digiteacha atá acu a fheabhsú.

2020 -

2023

Ceardlanna FGL a bheith curtha ar fáil i réimsí an TF, na Cibearslándála agus an claochlaithe dhigitigh.

4.9

Tacaigh le feidhmiú an tsoláthair nuálaigh leis an SBIR chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chontae.

2020 -

2023

Dúshláin chontae a aithint agus dul i ngleic le modhanna soláthair.