Insliú Baile

Insliú Torainn Chónaithe

Tá insliú foirgnimh ar cheann de réimse beart ar féidir é a chur i bhfeidhm chun éifeachtaí torann aerárthaí a mhaolú laistigh de na tithe is gaire d’aerfort. Is é an cuspóir ná tionchar torann aerárthaí ar dhaoine a laghdú trí bhearta laghdaithe torainn a chur i bhfeidhm laistigh d’fhoirgneamh. Is minic a dheimhnítear cáilitheacht le páirt a ghlacadh i scéim inslithe torainn trí thagairt a dhéanamh do chomhrian torainn sainithe a thomhaistear i ndeicibeil (dB).

 

Línte ar léarscáil iad comhrianta torainn a cheanglaíonn pointí ar na leibhéil chéanna de nochtadh do thorann agus is ionann iad agus an meántorann a bhaineann le haerárthaí a chloiseann (nó a thuartar a chloisfidh) daoine a chónaíonn timpeall ar aerfort. Ríomhadh iad i gcónaí roimhe seo i rith tréimhse 16 huaire an chloig (07:00 – 23:00) i rith na tréimhse is gnóthaí 92 lá sa samhradh ón 16 Meitheamh go dtí an 15 Meán Fómhair.

 

 Tá coinníoll sa chead pleanála don Rúidbhealach Thuaidh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a iarrann ar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) chun scéim inslithe torainn a chur i bhfeidhm d’áiteanna cónaithe laistigh de chomhrian sainithe torainn i bhfoisceacht Aerfort Bhaile Átha Cliath:

 

Uimhir Thagartha an Bhoird Phleanála PL 06F.217429; Uimhir Thagartha Chomhairle Contae Fhine Gall F04A/1755:

 

7.         Sula gcuirfear tús le forbairt, déanfar scéim maidir le hinsliú torainn deonach a dhéanamh in áiteanna cónaithe agus chur faoi bhráid an údaráis phleanála agus déanfaidh sé comhaontú air i scríbhinn. Beidh gach áit chónaithe sa scéim a thuartar a thiocfaidh laistigh den chomhrian 63 dB LAeq 16 huaire an chloig laistigh de 12 mhí i ndiaidh go mbeartaítear an rúidbhealach a oscailt lena úsáid. Déanfar athbhreithniú mar chuid den scéim gach dhá bhliain ar na háiteanna cónaithe atá incháilithe d’insliú.

 

Tugtar an Scéim Insliú Torainn Chónaithe (an SITC) ar an scéim seo agus rinne ÚABÁC é a shíneadh chun áiteanna cónaithe a chuimsiú ann atá laistigh de na comhrianta seo a leanas i dteannta a chéile:

 

an comhrian tuartha 63 dB LAeq 16 huaire an chloig faoi mar a shainítear i gCoinníoll 7 den deonú cead pleanála don rúidbhealach comhthreomhar thuaidh (uimhir thagartha an Bhoird Phleanála PL 06F.217429; uimhir thagartha CCFG F04A/1755), faoi mar ar síneadh iad leis an méid seo a leanas a chur san áireamh:

comhrian tuartha 63 dB LAeq 16 huaire an chloig, faoi mar ar leasaíodh é chun tuartha 2022 a chur san áireamh.

Déantar soláthar sa deonú cead pleanála d’athbhreithniú a dhéanamh ar áiteanna cónaithe incháilithe gach dhá bhliain lena chinntiú go ndéantar an torann a tuaradh a bhailíochtú in aghaidh leibhéil torainn iarbhír nuair a bhainfear feidhm as an rúidbhealach.

 

Chuir ÚABÁC an dara scéim ar fáil freisin do na háiteanna cónaithe is mó a n-imríonn oibríochtaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath tionchar orthu agus tugtar an Clár Fuaiminslithe Baile (an CFIB) ar an scéim sin. Sainítear an scéim seo trí chomhrian 2016 63 dB LAeq 16 huaire an chloig.

 

Is féidir an dá scéim a scrúdú ar an léarscáil idirghníomhach trí chliceáil anseo.