Teachtaireacht ón bPríomhfheidhmeannach

AnnMarie Farrelly Chief Executive Fingal County Council

Tá Comhairle Contae Fhine Gall dírithe air go bhfeabhsófar an geilleagar digiteach agus go dtacófar le pobail a bheith in ann leas a bhaint as sochaí atá cumasaithe go digiteach. Is é príomhaidhm na Straitéise ná na deiseanna a bhaineann leis an gclaochlú digiteach a uasmhéadú ar mhaithe le leas ár sochaí agus ár ngeilleagair. Creidimid gur féidir le Fine Gall an fás agus an rath inbhuanaithe eacnamaíoch a chinntiú sa todhchaí le fada amach romhainn ach an clár oibre digiteach a chur chun cinn agus foireann dinimiciúil, chomh maith le bonneagar agus seirbhísí feabhsaithe, a bheith á gcothú ann.

Tá an nascacht ríthábhachtach do ghnólachtaí áitiúla agus is í an tseirbhís bunriachtanach dár ngeilleagar náisiúnta. Tá an ról lárnach atá ag an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda chun leathanbhanda snáithín ardluais a sholáthar do phobail tuaithe i bhFine Gall aitheanta sa Straitéis. Sa cháipéis seo, tá breac-chuntas déanta againn ar thábhacht an chlaochlaithe dhigitigh do Fhine Gall agus tá na deiseanna atá ann do phobail agus do ghnólachtaí araon léirithe againn ann.

Tá leagtha amach sa Straitéis Dhigiteach trí bliana seo, atá curtha le chéile againn i gcomhar lenár gcomhpháirtithe, cad é atá an Chomhairle ag iarraidh a bhaint amach agus leagtar amach ann spriocanna agus cuspóirí straitéiseacha le glacadh chun muid a chur ar ár gcumas an leas is fearr d’Fhine Gall a bhaint amach as na deiseanna digiteacha atá ann. Tá ceithre chrann taca sa Straitéis Dhigiteach - an Bonneagar Digiteach, an Gnó Digiteach, am Pobal Digiteach agus an Rialtas Digiteach. Caithfidh na crainn taca go léir a bheith ag teacht ar aon dul le Plean Forbartha an Chontae agus leis an fhís lárnach atá ann chomh maith. Rinneadh na 48 mbeart go léir a bhí ann ar dtús a shainaithint trí phróiseas láidir comhairliúcháin a ndearnadh i gcomhar le páirtithe leasmhara. Déanfaidh Foireann Maoirseachta Digití Fhine Gall na bearta faoin bplean seo a nuashonrú go leanúnach, agus déanfar an mhonatóireacht orthu go leanúnach chomh maith, agus iad ag obair ar fud na rannáin uile sa Chomhairle. Is doiciméad beo atá ann a mbeifear á athrú agus á oiriúint le himeacht na mblianta.

AnnMarie Farrelly

Príomhfheidhmeannach

Chomhairle Contae Fhine Gall