Iarratais pleanála a atreoraítear go dtí an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí

Ceanglaítear in Acht 2019 ar an Údarás Pleanála chun iarratais pleanála ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a atreorú go dtí an tÚdarás Inniúil chun measúnú a dhéanamh ar thionchar féideartha a imríonn torann aerárthaí.

Is féidir le hiarratais pleanála a bheith bainteach le forbairt a bheartaítear ag an aerfort nó chun coinníoll reatha pleanála a leasú a imríonn tionchar ar thorann aerárthaí.

Fógraí faoi Thuairim an Údaráis Inniúil a thabhairt don Údarás Pleanála

Cur Síos ar an Moladh

Nasc le Comhad an Údaráis Phleanála

Tuarascáil an Údaráis Inniúil

Forbairt ag stad bus reatha ag Lána 2, lastoir de charrchlós ilstórach Chríochfort 1 agus forbairt ag stad tacsaithe ag Lána 1, lastoir de Chríochfort 1. Is éard a bheidh san fhorbairt: 1) Scáthlán bus gloine agus cruach dosmálta, 2.50 méadar ar airde x 1.38 méadar ar doimhneacht x 5.84 méadar ar fad ina bhfuil painéil fógraíochta atá soilsithe go hinmheánach (19.4 méadar cearnach, ar an iomlán); 2) Taispeáint saorsheasaimh dhigiteach atá 3.07 méadar ar airde x 0.90 méadar ar leithead; 3) Meaisín díola ticéad 1.83 méadar ar airde x 0.89 méadar ar leithead; 4) Síneadh scáthláin pholacarbónáite agus chruach dosmálta, 2.64 méadar ar airde x 3.04 méadar ar doimhneacht x 6.09 méadar ar fad, agus an obair forbartha ghaolmhar láithreáin go léir, a dhéanfar é go léir ar 2 láithreán ina bhfuil 0.0058 heicteár, ar an iomlán, ag stad bus reatha ag Lána 2, lastoir de charrchlós ilstórach Chríochfort 1 agus d’fhorbairt ag stad tacsaithe reatha ag Lána 1, lastoir de Chríochfort 1 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Baile Choilín, Contae Bhaile Átha Cliath.

   

Úsáid shealadach a bhaint as na 2,700 spás reatha fadtéarmach carrpháirceála. Baintear úsáid faoi láthair as na 2,700 spás reatha carrpháirceála fadtéarmaí don chuspóir céanna faoi agus i gcomhréir leis an uimhir thagartha cláraithe reatha shealadach cead pleanála PL06F.PA0030 ón mBord Pleanála. Lorgaítear cead sealadach ar feadh tréimhse bhreise 7 mbliana ó dháta éagtha an cheada pleanála reatha shealadaigh PL06F.PA0030 ón mBord Pleanála (an 7 Bealtaine 2021). Cuimsítear san fhorbairt a bheartaítear leanúint le húsáid a bhaint as an mbonneagar agus saoráidí reatha coimhdeacha go léir, ar nós rochtana ón R132, bóithre reatha cúrsaíochta, caschiorcail do bhusanna, 4 scáthlán bus, 1 bhoth slándála, soilsiú, fálú teorann, meaisíní ticéad agus bacainní, ceamaraí CCTV, comharthaíocht charrchlóis inmheánach, an líonra reatha draenála, limistéir reatha mhaolaithe uisce dromchla, agus an tírdhreachú reatha go léir san áireamh.

   

Cead d’fhostáisiún aon stóir saorsheasaimh thart ar 5 mhéadar ar airde (thart ar 18 méadar x 21 méadar), ina mbeidh; seomra príomhaonaid fáinne meánvoltais; seomra dáileacháin lascghiar meánvoltais; seomra cumarsáide; seomra claochladáin; seomra painéal athraithe gineadóra; seomra gineadóra; príomhsheomra dáileacháin agus forsheomra iontrála. Tógfar an fostáisiún ar limistéar nua crua-sheasta ina mbeidh thart ar 1,600 méadar cearnach de phábháil. Beartaítear umar breosla bundaithe a shuíomh ar airde thoir an fhostáisiúin a bheidh thart ar 3.5 méadar ar airde, ar a mhéid. Beartaítear solas aonair ar chrann ard a shuíomh ag cúinne thoir theas an fhostáisiúin a bheidh 23 méadar os cionn leibhéal na talún, ar a mhéid. Beidh an fostáisiún nasctha trí cháblaí faoin talamh le leictriú inmheánach an aerfoirt. Tiocfaidh seo in ionad an fhostáisiúin shealadaigh reatha atá lonnaithe lastoir de Naprún 5G. Tiocfar ar an bhfostáisiún nua ón Náprún Thuaidh. Cuimsítear san iarratas na hoibreacha agus na seirbhísí forbartha láithreáin gaolmhara go léir.

 

CÁIPÉISÍ

Leasú ar Chead Pleanála uimhir thagartha F19A/0049, faoi mar a deonaíodh é, atá le haghaidh: a) síneadh aon stóir 673 méadar cearnach Soir ó Thuaidh a chur le Halla Inimirce Bhealach Bordála 1 agus Bhealach Bordála 2 (tá 1,607 méadar cearnach ann faoi láthair, beartaítear 2,280 méadar cearnach a bheith ann) chun spás breise inmheánach scuaine a sholáthar do phaisinéirí; b) athchumhdach páirteach a dhéanamh le gnéchumhdra adhmaid; c) gléasra an dín ar a bhfuil lúvair sciata; d) staighre reatha éalaithe a scartáil agus a athlonnú; e) an carrchlós dromchla taobh leis a atheagrú, ina gcaillfear 22 spás, ar an iomlán (tá 74 spás ann faoi láthair, beartaítear 52 spás a bheith ann) agus bealach nua inar féidir le cóistí casadh; f) póirse iontrála nua gloinithe aon stóir ar chúl na tolglainne VIP (16 mhéadar chearnacha); g) dhá dhoras éalaithe éigeandála; agus h) scide gáis (7 méadar chearnacha), tírdhreachú agus na hoibreacha forbartha láithreáin gaolmhara go léir. Baineann an leasú le struchtúr cochaill dín sholadaigh, atá cumhdaithe le héadan miotal agus tarr poileistir phúdarbhrataithe (PPC) ina bhfuil an chomharthaíocht agus a bhfuil colúin chruach a phéinteálfar dubh (34.5 méadar cearnach) mar thaca leis, in ionad an phóirse iontrála aon stóir ghloinithe nua a ceadaíodh roimhe seo ar chúl na Tolglainne VIP (16 mhéadar chearnacha). Tá cuaille comharthaíochta saorsheasaimh iontrála atá 2.0 méadar ar airde agus 0.9 méadar ar leithead (1.8 méadar cearnach) agus an obair forbartha láithreáin ghaolmhar go léir, ar láithreán 0.696 heicteár, le cur san áireamh san iarratas freisin.

 

CÁIPÉISÍ

Siúlán clúdaithe os cionn chosán reatha príobháideach Údarás Eitlíochta na hÉireann (ÚEÉ), a cheanglóidh an dá ionad rialaithe aerthráchta reatha, grianphainéil ar dhíon an tsiúláin chlúdaithe, cosán nua ó chlós seirbhíse an túir nua go dtí an bealach isteach tosaigh agus oibreacha láithreáin gaolmhara.

 

CÁIPÉISÍ

Na cábáin inaistrithe reatha go léir a bhaint agus foirgneamh cothabhála feithiclí a thógáil ina mbeidh 2 aonad ina bhfuil leibhéil idirurláir, 2 limistéar stórála, balla teorann nua agus na hoibreacha forbartha láithreáin gaolmhara go léir. Beidh 3 umar ola, 2 aonad stórála bhundaithe agus stóras bruscair sna limistéir stórála a bheartaítear.

 

CÁIPÉISÍ

Déanfar 3 sheid reatha aon stóir a scartáil, bainfear dromchla an chlóis reatha, agus tógfar (1) foirgneamh stórála innealra/salainn a mbeidh cuid de ina fhoirgneamh aon stóir (airde dhúbailte) agus a mbeidh cuid eile de ina fhoirgneamh dhá stór, ina bhfuil saoráid stórála innealra ina bhfuil 2 dhoras comhla rollaí, 3 stóras salainn ar leith a bhfuil tosach oscailte orthu, agus saoráidí coimhdeacha os cionn an dá urlár (2) bá nite feithiclí nua aon stóir (airde dhúbailte), (3) bealach rochtana nua d’fheithiclí agus do choisithe ar Bhóthar Castlemoate reatha, (4) clós nua coincréite, (5) saoráidí páirceála don fhoireann, (6) 2 araid stórála coincréite móta, (7) claí teorann palaidín 2.4 méadar ar airde, (8) cosán coincréite inmheánach, (9) 2 umar bailithe báistí, (10) umar faoin talamh, agus (11) na hoibreacha forbartha láithreáin, draenála, tírdhreachaithe agus coimhdeacha gaolmhara go léir. Tá an fhorbairt a bheartaítear lonnaithe laistigh de chúirtealáiste Theach Castlemoate, Struchtúr faoi Chosaint. (Uimhir Thagartha Struchtúir faoi Chosaint Chomhairle Contae Fhine Gall: 0601).

 

CÁIPÉISÍ

Athrú úsáide a bheartaítear chun comhthoilleadh méadaithe paisinéirí a sholáthar do gach foirgneamh paisinéirí ó 32 milliún paisinéir sa bhliain (mpsb) go dtí 35 mpsb (a mbeidh paisinéirí ceangail i gceist le 3 mpsb díobh siúd). Ní bheartaítear aon oibreacha a dhéanamh mar chuid den iarratas. Thiocfadh an fhorbairt a bheartaítear in ionad Choinníoll 3 d’ Uimhir Thagartha PL06F.220670 an Bhoird Phleanála (Cead do bhonneagar iolrach, Críochfort 2 san áireamh) agus in ionad Choinníoll 2 d’Uimhir Thagartha PL06F.223469 (Síneadh ar Críochfort 1). Déanann an dá cheann de na coinníollacha seo soláthar do chomhthoilleadh paisinéirí críochfoirt 32 mpsb. Baineann láithreán an iarratais le gach foirgneamh paisinéirí, Críochfort 1 agus Críochfort 2, Seanfhoirgneamh an Chríocfoirt Láir (ar struchtúr faoi chosaint é agus atá curtha san áireamh ar Thaifead ar Dhéanmhais Chosanta Chomhairle Contae Fhine Gall mar uimhir 0612), Bealaí Bordála 1,2,3 agus 4, na Geataí Theas agus an tSaoráid Aistrithe Paisinéirí, a bhfuil gach ceann díobh suite i mBailte Fearainn an Chorrbhaile agus Bhaile Choilín, Contae Bhaile Átha Cliath san áireamh.  Tá achar thart ar 9.98 heicteár sa láithreán atá mar ábhar den iarratas seo.

 

CÁIPÉISÍ

Is éard a bheidh san fhorbairt: i. Saoráid Leasa Ainmhithe - saoráid chigireachta eachaí aon stóir ina bhfuil ollachar urláir 376 méadar cearnach agus atá thart ar 5.5 méadar ar airde agus a bhfuil toisí foriomlána thart ar 8 méadar ar leithead agus thart ar 44 m ar fad aige agus ina bhfuil 3 stábla, bosca tréidliachta, oifig, saoráidí leasa agus limistéar cúrsaíochta. ii. Saoráidí Oibríochtaí Thaobh an Aeir: láithreán ina bhfuil achar thart ar 0.88 heicteár atá suite lastoir de ‘Cuaille Geata 22’ ag an acomhal le Bóthar Shoird (an R132) agus Seanbhóthar an Aerfoirt; a) 14 spás páirceála bus, 8 spás páirceála d’Fheithiclí Earraí Troma (HGV) agus 2 spás carrpháirceála agus spás páirceála tancaeir. b) aonad leathdhúnta diúscartha dramhaíl bhréan aerárthaigh, cochall ar a bhfuil airde uasta thart ar 4.5 méadar c) 3 dhlúthóir dramhaíola ar a bhfuil airde uasta thart ar 2.2. méadar agus 3 chábán inaistrithe ar a bhfuil airde uasta thart ar 3m chun trealamh glantacháin a stóráil. d) Páirc umair ina bhfuil 4 umar stórála aicéatáit photaisiam a úsáidtear chun dí-oighriú a dhéanamh, a bhfuil toilleadh 15,000 lítear i ngach ceann díobh agus atá ar airde uasta thart ar 4 mhéadar. e) Oibreacha agus seirbhísí coimhdeacha forbartha láithreáin, limistéir níocháin feithiclí agus araidí, draenáil, bóithre cúrsaíochta inmheánacha, beirm feadh na dteorainneacha theas agus thoir, fálú teorann ar thaobh na talún atá thart ar 3 mhéadar ar airde agus soilsiú san áireamh. iii. Láithreán ‘Fostáisiún 19', láithreán úrnua ina bhfuil achar thart ar 0.05 heicteár siar ó dheas ón Náprún Theas ina bhfuil fostáisiún leictreach aon stóir (thart ar  168 méadar cearnach) ar a bhfuil airde uasta thart ar  3.4 méadar agus atá thart ar 11 mhéadar ar leithead agus thart ar 15.5 meadar ar fad. Oibreacha agus seirbhísí coimhdeacha forbartha láithreáin, soilsiú agus draenáil agus na hoibreacha coimhdeacha forbartha láithreáin go léir san áireamh.