Tugtar cuireadh do sholáthraithe fáilteachais & turasóireachta iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú le haghaidh feabhsúchán itheacháin lasmuigh

Maoiniú deontais ar fáil faoin Scéim Infheistíochta um Fheabhsú Itheacháin Lasmuigh nua de chuid Fáilte Éireann

outdoor dining image

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag spreagadh soláthraithe fáilteachais agus turasóireachta áitiúla chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú deontais faoin Scéim Infheistíochta um Fheabhsú Itheacháin Lasmuigh nua de chuid Fáilte Éireann atá dírithe ar chabhrú leis an earnáil a cumas itheacháin lasmuigh a mhéadú.

Tá deontais suas le €4,000 ar fáil faoin snáithe um Fheabhsú Itheacháin Lasmuigh & Oiriúintí do Ghnó Turasóireachta & Fáilteachais den Scéim chun acmhainn níos mó a éascú d’itheachán lasmuigh trí thacú le gnóanna fáilteachais ionaid agus spásanna poiblí a uasghrádú agus a fheabhsú agus ag cur réitigh chosanta aimisre i bhfeidhm chun itheachán lasmuigh ar feadh na bliana a éascú.  

Tugtar cuireadh do ghnóanna turasóireachta agus fáilteachais aonair ina ndíoltar bia le hithe san áitreabh lena n-áirítear óstáin, áiseanna turasóireachta, caiféanna, bialanna agus tithe tabhairne iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú.  

Tá sé mar aidhm aige leathnú a dhéanamh ar an obair a rinne údaráis áitiúla anuraidh chun tacú le gnóanna agus tacóidh sé le gnóanna fáilteachais agus turasóireachta neamhspleácha aonair i dtreo chostas an trealaimh chun feabhsú breise lasmuigh a sholáthar agus chun na gnóanna seo a éascú chun a gcumas itheacháin lasmuigh a mhéadú do samhradh 2021.  

Clúdófar faoin scéim costais le haghaidh táblaí lasmuigh, cathaoireacha, scáthanna fearthainne, téitheoirí leictreacha, scáthláin, scáthláin ghaoithe, seastáin plandaí agus ardáin adhmaid. Caithfear caiteachas a thabhú idir an 1 Aibreán 2020 agus an 30 Meán Fómhair 2021.

Is féidir iarratais a dhéanamh anois trí https://www.fingal.ie/ga/SceimItheachainLasmuigh

Tá an scéim infheistíochta seo á seachadadh faoin gcolún straitéiseach de chuid Fáilte Éireann ‘Ag Oscailt An Taobh Amuigh’ a bhfuil sé mar aidhm aici ár sócmhainní lasmuigh a chaipitliú agus ár spásanna uirbeacha a athshamhlú.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Is tionscnamh  é seo a bhfuil fáilte mhór roimhe chun tacú leis an earnáil turasóireachta agus fáilteachais áitiúil a ndeachaigh an phaindéim Covid-19 i bhfeidhm go dona air. Beidh ról suntasach ag uasghrádú agus ag feabhsú spásanna chun itheachán a sholáthar lasmuigh i ligean do ghnóanna na háiseanna riachtanacha a sholáthar chun athoscailt de réir threoirlínte sláinte poiblí.

“Cuirim fáilte mhór roimh sheoladh na Scéime seo agus táim ag tnúth le gnóanna áitiúla a n-iarratais ar mhaoiniú a chur isteach chun an obair seo a éascú a ligfidh dóibh athoscailt le muinín.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a bheith ag obair le Fáilte Éireann ar an scéim seo a thacóidh leis na hearnálacha fáilteachais agus turasóireachta agus iad ag tosnú ag athoscailt tar éis na tréimhse dúnta is déanaí. Tá ról mór á imirt ag Comhairle Contae Fhine Gall, i dteannta le húdaráis áitiúla ar fud an chontae, i dtacú le gnóanna le 12 mí anuas.

“Tuigim go maith na deacrachtaí a bhí ag gnóanna ar fud an chontae agus is tionsnamh tábhachtach eile í an scéim seo, a chuirifdh ar chumas na hearnála a cumas itheacháin agus suíocháin a mhéadú, chun ligean dóibh athoscailt ar bhealach sábháilte.”

Dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontar, Turasóireachta agus Cultúir: “Beidh ról suntasach ag an maoiniú a chuirtear ar fáil faoin scéim seo chun eispéireas itheacháin sábháilte a sholáthar chun taitneamh a bhaint as a luaithe a ligfear don earnáil athoscailt de réir chomhairle sláinte poiblí. Mholfainn do ghnóanna incháilithe a n-iarratais a dhéanamh tríd an tairseach ar líne atá oscailte anois.”

Le haghaidh tuilleadh sonraí ar an scéim, tabhair cuairt ar  https://www.fingal.ie/ga/SceimItheachainLasmuigh