Scéim Itheacháin Lasmuigh

Outdoor Dining banner

Oibreoidh an Scéim Infheistíochta um Fheabhsú Itheacháin Lasmuigh, arna seoladh ag Fáilte Éireann i gcomhpháirtíocht le hÚdaráis Áitiúla chun acmhainn níos mó a éascú d’itheachán lasmuigh trí thacú le gnóanna fáilteachais chun sráideanna agus spásanna poiblí a uasghrádú agus a fheabhsú agus réitigh chosanta aimsire a chur i bhfeidhm a eascóidh itheachán lasmuigh ar feadh na bliana.

Seachadfar an scéim infheistíochta seo faoi philéar straitéiseach Fáilte Éireann ‘Ag Oscailt An Taobh Lasmuigh’ a bhfuil sé mar aidhm aici ár sócmhainní lasmuigh a chaipitliú agus ár spásanna uirbeacha a athshamhlú.

Tá deontais suas le €4,000 ar fáil faoin snáithe Suíocháin Lasmuigh & Oiriúintí do Ghnó Turasóireachta & Fáilteachais den Scéim chun acmhainn níos mó a éascú d’itheachán lasmuigh trí thacú le gnóanna fáilteachais chun sráideanna agus spásanna poiblí a uasghrádú agus a fheabhsú agus réitigh chosanta aimsire a chur i bhfeidhm chun itheachán lasmuigh ar feadh na bliana a éascú.

Tugtar cuireadh do ghnóanna turasóireachta agus fáilteachais aonair ina ndíoltar bia le hithe san áitreabh lena n-áirítear óstáin, áiseanna turasóireachta, caiféanna, bialanna agus tithe tabhairne iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú.

Clúdófar faoin Scéim costais le haghaidh táblaí lasmuigh, cathaoireacha, scáthanna fearthainne, teitheoirí leictreacha, scáthláin, scáthláin ghaoithe, seastáin plandaí agus ardáin adhmaid. Caithfear caiteachas a thabhú idir an 1 Aibreán 2020 agus an 30 Meán Fómhair 2021.