Torann Aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a Bhainistiú - Roinn Do Chuid Tuairimí sa Chomhairliúchán Poiblí

ANCA team at launch

Tá an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí (ANCA) ag reáchtáil comhairliúchán poiblí a mhairfidh 14 seachtaine maidir lena dhréachtmholtaí i dtaobh iarratas an DAA chun srianta oibriúcháin aerárthaí a leasú ag Aerfort Bhaile Átha Cliath nuair a osclófar an rúidbhealach nua ó thuaidh.

Déanfaidh an comhairliúchán poiblí eolas do threoir deiridh ANCA don Údarás Pleanála sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir le hiarratas an DAA an bhliain seo chugainn. Is iad seo a leanas moltaí ANCA:

  • Cuspóir Laghdaithe Torainn a thabhairt isteach d’Aerfort Bhaile Átha Cliath - an chéad cheann dá leithéid in Éirinn - mar phlean fadtéarmach chun a chinntiú go ndéanfar an bainistiú is fearr ar thorann aerárthaí ag an Aerfort. Déanfar tionchar fadtéarmach torainn aerárthaí a laghdú go suntasach dá thoradh sin, laghdú 30% faoin mbliain 2030, 40% faoin mbliain 2035 agus 50% faoin mbliain 2040, i gcomparáid le leibhéil torainn aerárthaí na bliana 2019.
  • Trí choinníoll nua a dhéanamh:
  1. Córas Cuóta Torainn - nó buiséad torainn - maidir le oibríochtaí san oíche ag Aerfort Bhaile Átha Cliath idir 11pm agus 7am; lena n-áirítear srian ar aerárthaí an-ghlórach a chur ag eitilt san oíche.
  2. Srian a chur ar eitiltí ar an rúidbhealach nua ó thuaidh idir meán oíche agus 6am (00:00 - 05:59).
  3. Scéim Deontais Cónaithe nua um Fhuaiminsliú suas le €20k a chur ar fáil do na cónaitheoirí is mó a mbíonn drochthionchar ag an torann san oíche ó Aerfort Bhaile Átha Cliath orthu agus nár bhain leas as deontas dá leithéid roimhe seo.

 
Is é mar aidhm le moltaí ANCA cothromaíocht a bhaint amach idir tionchar torainn aerárthaí a laghdú ar phobail sa cheantar máguaird agus tuiscint a léiriú ar ról Aerfort Bhaile Átha Cliath mar phríomhfhostóir a bhrúnn geilleagar náisiúnta na hÉireann ar aghaidh.  

Seo mar a labhair Ethna Felten, Stiúrthóir ANCA: “Trí mholtaí ANCA a chur i bhfeidhm, beidh Éire ar aon dul le cleachtas idirnáisiúnta is fearr agus cuideoidh siad linn ár gcuspóir chun torann a bhainistiú ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a bhaint amach. Tá ár moltaí dírithe ar thionchar torainn aerárthaí san oíche i mBaile Átha Cliath a theorannú agus a laghdú agus treoróidh siad cinntí a dhéanfar amach anseo maidir le bainistiú torainn aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Molaim do dhaoine páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí seo mar go mbeidh tionchar ag na cinntí seo a dhéanfaimid le chéile ar chónaitheoirí áitiúla, gnólachtaí agus ar gach duine a úsáideann Aerfort Bhaile Átha Cliath.”

Tá moltaí ANCA ag teacht sna sála ar staidéar mionsonraithe a rinneadh ar iarratas pleanála an DAA, a cuireadh isteach i mí na Nollag 2020, inar fhéach an DAA le hathrú a chur ar chuid de na coinníollacha a bhaineann le cead pleanála don rúidbhealach ó thuaidh.  Tar éis iniúchadh mionchúiseach a dhéanamh ar na sonraí atá ann cheana agus staidéir theicniúla agus réamhaisnéis don todhchaí a dhéanamh, ba é tátal ANCA go méadódh torann aerárthaí san oíche dá gceadófaí iarratas an DAA.

Tá moltaí ANCA ar fáil sa Dréacht-Bhreith Rialála agus Cuspóir Laghdaithe Torainn atá amuigh anois le haghaidh comhairliúchán poiblí agus atá ar fáil ar https://consult.fingal.ie/en/consultation/aircraft-noise-consultation

Féach ar an méid a dúirt Ethna Felten, Stiúrthóir ANCA, thíos.

Tá seomra comhairliúcháin fíorúil curtha ar bun anois agus is féidir teacht air ahttps://www.fingal.ie/aircraftnoiseca/consultationvr

ANCA VR room

Reáchtálfaidh foireann ANCA seimineáir ghréasáin agus beidh siad ar fáil chun labhairt le páirtithe leasmhara le linn thréimhse an chomhairliúcháin, idir an 11 Samhain 2021 agus 28 Feabhra 2022.

Tá fáilte roimh baill den phobal coinne a dhéanamh chun bualadh le foireann ANCA ina n-oifigí, via www.consult.fingal.ie, agus beidh sraith seimineár gréasáin ina gcuirfear faisnéis ar fáil don phobal ag tosú Dé Céadaoin an 17 Samhain ag 6.30pm. Cláraigh inniu chun deis a fháil cloisteáil ó fhoireann an tionscadail agus ceisteanna a chur: