Sraith Físeáin The Dove - Scéal Cholm Cille i mBaile Átha Cliath seolta

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar 1500 bliain ó rugadh duine de naoimh ba bhisiúla na hÉireann - Naomh Colm Cille, tá sraith faisnéise seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Éire Ildánach faoi shaol an naoimh agus an nasc a bhí aige le Sord.

The Dove Colmcille

Breathnaigh ar an gclár faisnéise Anseo.

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar 1500 bliain ó rugadh duine de naoimh ba bhisiúla na hÉireann - Naomh Colm Cille, tá sraith faisnéise seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Éire Ildánach faoi shaol an naoimh agus an nasc a bhí aige le Sord.

Scrúdaítear mar chuid den tsraith físeáin ceithre chuid scéalta maidir le ‘The Dove’ agus chaith an láithreoir Pamela Finn tamall i gcomhluadar an tseandálaí agus an staraí aitheanta, an Dr Brian Lacey, chun Naomh Colm Cille agus a oidhreacht a phlé.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, “Bhí ról an-tábhachtach ag Naomh Colm Cille i mbunú agus is stair bhaile chontae Fhine Gall, Sord, agus fáiltím roimh an tacaíocht atá tugtha ag an gComhairle don tsraith faisnéise ‘The Dove - Scéal Cholm Cille i mBaile Átha Cliath’ atá á seoladh tráth a bhfuilimid ag ceiliúradh 1500 a bhreithe. Tá mé féin ag súil go mór leis na físeáin a fheiceáil agus tá mé cinnte go gcuirfidh go leor daoine spéis iontu agus go mbeidh léargas iontach le fáil ar shaol agus ar cháil Cholm Cille.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Emer O’Gorman, Stiúrthóir um Fhorbairt Gheilleagrach, Fiontar, Turasóireachta agus Chultúrtha: Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tábhacht a bhaineann le cultúr agus oidhreacht Fhine Gall a thaifeadadh le haghaidh na nglúnta amach anseo. Trí thacú le tionscnaimh mhaoinithe cosúil le Clár Éire Ildánach agus trí thacú le healaíontóirí agus le lucht na n-ealaíon sraitheanna faisnéise cosúil le sraith físeáin “The Dove” a fhorbairt, ina dtarraingítear aird ar an nasc tábhachtach idir bhunú mhainistir Cholm Cille agus forbairt Bhaile Shoird, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag leanúint le ról ríthábhachtach a bheith aici i stair Fhine Gall a chaomhnú le haghaidh shaoránaigh Fhine Gall.

Tugann an Dr Lacey an lucht féachana ar aistear foghlama faoi shaol an naoimh, agus míníonn sé an bunús atá le ‘Colúr an tSéipéil’ a lua lena ainm. Chomh maith leis sin, mar chuid den tsraith faisnéise seo scrúdaítear an scéal cáiliúil a bhaineann leis an gcogadh stairiúil a tharla i ndiaidh breithiúnais chóipchirt Chomh Cille agus Naomh Fhinnéin a bhfuil an seanrá seo a leanas luaite leis, "To every cow belongs her calf, therefore to every book belongs its copy."

Ba é Colm Cille a bhunaigh An Mhainistir Dhubh i nDoire agus mainistreacha i gCeanannas sa Mhí, Darú in Uíbh Fhailí agus Sord i mBaile Átha Cliath, agus mainistreacha eile nach iad. Tá fianaise fós ar fáil den lonnaíocht eaglasta a bunaíodh i Sord sa séú haois, atá bunaithe mórthimpeall ar Shéipéal Naomh Cholmáin, Séipéal de chuid Eaglais na hÉireann ar Bhóthar an Teampaill. Sa chlár faisnéise seo, a taifeadadh mórthimpeall ar Shord, foghlaímid conas ar spreag an mhainistir forbairt an bhaile. Chomh maith leis sin, tagraíonn an Dr Lacey don úsáid a bhain Teaghlach Uí Dhomhnaill as taise Cholm Cille i rith cogaidh as a d’eascair an t-ainm ‘The Battle Book’.

Is sampla iontach é an clár faisnéise seo den cheiliúradh atá á dhéanamh ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Éire Ildánach ar chultúr agus ar oidhreacht tráth a bhfuil duine de phearsana móra staire na hÉireann á cheiliúradh.

Is féidir breathnú ar an gclár faisnéise ón 15 Samhain ar leathanaigh meán sóisialta, suíomh gréasáin, cainéal YouTube Chomhairle Contae Fhine Gall agus ar www.prpam.ie