Seolann Leabharlanna Fhine Gall Treoir d'Acmhainní do Bhunscoileanna
Tá treoir curtha le chéile ag Leabharlanna Fhine Gall do mhúinteoirí, d’oideoirí, do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí i bhFine Gall, ag tabhairt aird ar a n-acmhainní saor in aisce do bhunscoileanna agus do dhaltaí.

Tá treoir curtha le chéile ag Leabharlanna Fhine Gall do mhúinteoirí, d’oideoirí, do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí i bhFine Gall, ag tabhairt aird ar a n-acmhainní saor in aisce do bhunscoileanna agus do dhaltaí.
Dírithe ar chabhrú le hoideachasóirí acmhainní leabharlainne a chomhtháthú lena gcuid teagaisc, taispeánann an treoir conas rochtain a fháil ar raon leathan ábhar oideachais agus seirbhísí tacaíochta ar féidir leo cur le heispéireas foghlama na mac léinn.
Ag seoladh an treoir i Leabharlann Mhullach Íde dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Is comhpháirtí díograiseach iad leabharlanna le scoileanna inár bpobal le fada an lá. Tá áthas orm an treoir seo a sheoladh ina léirítear na hacmhainní saor in aisce go léir atá acu le tairiscint do mhúinteoirí agus do dhaltaí i bhFine Gall”.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Soláthraíonn an treoir seo achoimre ar sheirbhísí atá éasca le húsáid agus a fhéadann tacú le riachtanais foghlama sa seomra ranga. Beidh sé ina acmhainn luachmhar do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí araon”.
Clúdaíonn an treoir ábhair mar úsáid a bhaint as BorrowBox, rochtain a fháil ar Britannica Encyclopaedias, úsáid a bhaint as an gclár Lexia Core5, dul i ngleic le TumbleMath, agus cothú na cruthaitheachta trí chódú.
Dúirt Leabharlannaí an Chontae, Betty Boardman: “Tá an treoir deartha chun a thaispeáint conas is féidir acmhainní leabharlainne a úsáid i suíomh oideachais. Léiríonn ceannteidil ar nós litearthacht, uimhearthacht, agus forbairt scileanna na cineálacha deiseanna foghlama atá leabharlanna tiomanta a sheachadadh.”
Tá an treoir, Leabharlanna Fhine Gall: Acmhainní Saor in Aisce do Bhunscoileanna, ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge le breathnú uirthi agus le híoslódáil ar shuíomh gréasáin Leabharlanna Fhine Gall. Tá cóipeanna crua ar fáil i mbrainsí leabharlainne chomh maith.
