Seolann EirGrid comhairliúchán poiblí maidir le hUasghrádú Eangaí Oirthear na Mí-Baile Átha Cliath Thuaidh

Tá ionchur an phobail á lorg ag EirGrid, oibreoir agus forbróir na heangaí náisiúnta leictreachais, chun bealach a aithint d’Uasghrádú Oirthear na Mí-Baile Átha Cliath.

plug and socket

Tá ionchur an phobail á lorg ag EirGrid, oibreoir agus forbróir na heangaí náisiúnta leictreachais, chun bealach a aithint d’Uasghrádú Oirthear na Mí-Baile Átha Cliath.

Aithníodh an ciorcad cábla faoi thalamh 400kV ó fhostáisiún Fhearann na Coille, in aice le Baile an Bhóthair i gContae na Mí, go fostáisiún Belcamp, in aice le  Cluain Seach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, mar an rogha theicniúil is fearr ó thaobh na feidhmíochta de níos luaithe i mbliana.

Tá gá leis an tionscadal chun dul i nlgeic leis an éileamh méadaithe ar leictreachas in oirthear na Mí agus tuaisceart Bhaile Átha Cliath, mar gheall ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus fás daonra, agus úsáid breoslaí iontaise do ghiniúint leictreachais a laghdú ag an am céanna.

Nuair a bheidh sé forbartha, feabhsóidh an t-uasghrádú soláthar leictreachais sa réigiún.

Rachaidh EirGrid i gcomhairle leis an bpobal sna 12 seachtain atá romhainn chun a fháil amach cén áit ar cheart an ciorcad a thógáil. Áireofar leis an gcomhairliúchán laethanta eolais, laethanta oscailte agus seimineáir ghréasáin, ina gcuirfidh foireann tionscadail EirGrid eolas ar fáil faoi cheithre rogha bealaigh atá beartaithe.

Dúirt Príomhoifigeach Bonneagair EirGrid, Michael Mahon: “Tá an t-uasghrádú seo riachtanach chun an eangach a neartú de réir mar a fhásann ár sochaí agus ár ngeilleagar, agus de réir mar a mhéadaíonn leictriú teasa agus iompair. Cabhróidh an t-uasghrádú seo freisin lenár n-uaillmhian in-athnuaite a bhaint amach agus sinn ag ullmhú na heangaí d’fhorbairt fuinnimh in-athuaite amach anseo.”

“Tabharfaidh an comhairliúchán 12 seachtaine seo deis do phobail agus do pháirtithe leasmhara ar fud an limistéir staidéir atá beartaithe ceisteanna a chur faoi na bealaí agus a dtuairimí a roinnt ar rogha tosaíochta. Táimid ag tnúth le dul i gcomhairle le pobail agus páirtithe leasmhara in oirthear na Mí agus tuaisceart Bhaile Átha Cliath sna seachtainí atá romhainn,” a dúirt Mahon.

Bunaíodh fóram pobail lena chinntiú go dtuigtear agus go mbreithnítear i gceart tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus an phobail. Feidhmeoidh an fóram mar chomhlacht comhairleach a sholáthróidh aiseolas ag príomhchéimeanna i seachadadh an tionscadail.