Seoladh Phlean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall seoladh Phlean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030 a fhógairt.

Launch of Heritage Plan

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall seoladh Phlean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030 a fhógairt. Bhí an seoladh, ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Aidan Henchy, i gcomhluadar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D. ar siúl an 1ú Márta 2024 i gCaisleán Mhullach Íde.

Leagtar amach i bPlean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030 fís chun ár n-oidhreacht chomhroinnte a chosaint do mhuintir Fhine Gall ar fad. Tá prionsabal na freagrachta comhroinnte as an oidhreacht mar bhonn don phlean toisc go gcuirtear folláine agus braistint chómhuintearais chun cinn nuair a nascaimid le agus nuair a dhéanamid ceiliúradh ar ár n-oidhreacht ina héagsúlacht uile.

Tá an Plean leagtha amach faoi shé chuspóir straitéiseach, mar aon le gníomhartha agus tionscadail fhéideartha a aithníodh i gcomhairle leis an pobal agus le réimse leathan páirtithe leasmhara. Is plean trasearnála é atá le cur i bhfeidhm ag neart grúpaí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cúram, cosaint agus bainistiú na hoidhreachta i bhFine Gall.

‘Fáiltím roimh Phlean Oidhreachta nua Fhine Gall’ a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy ‘Is plean é atá go mórmhór faoi stiúir an phobail agus pobaldhírithe agus molaim do gach duine a bheith páirteach i gcur i bhfeidhm an phlean seo le chéile’.

 

Launch of Heritage Plan

‘Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leor siúd go léir a ghlac páirt i gcomhchruthú an phlean seo’ a dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly ‘rud a léiríonn tiomantas leanúnach feidhmeannach agus Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Fhine Gall maidir lena n-oidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn’.

‘Mo bhuíochas le gach duine a chuidigh le déanamh an Phlean Oidhreachta seo‘ a dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker ‘Tá ár ndearcadh agus ár sainmhíniú ar an oidhreacht tar éis méadú le blianta beaga anuas agus aithníonn an plean seo gur cuid dínn féin í an oidhreacht.

Tá Plean Oidhreachta Fhine Gall 2024-2030 ar fáil le híoslódáil https://www.fingal.ie/FingalHeritagePlan2024-2030. Thacaigh an Chomhairle Oidhreachta le próiseas an phlean oidhreachta seo. 

Launch of Heritage Plan
Launch of Heritage Plan