Páirceanna Scátála Nua Oscailte go hOifigiúil i mBaile Brigín agus sna Sceirí

Skerries skatepark

Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, agus Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, i láthair chun dhá Pháirc Scátála nua a oscailt - sna Sceirí agus i mBaile Brigín - Dé hAoine seo caite, an 5 Deireadh Fómhair.

Tá na háiseanna spóirt is déanaí atá curtha ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall cruthaithe don phobal áitiúil scátála agus ó tharla go bhfuil an daonra is óige in Éirinn i bhFine Gall tá na háiseanna seo ríthábhachtach do na daoine óga ionas gur féidir leo taitneamh a bhaint as a gcuid ama ina gceantar áitiúil féin.

Tá an pháirc scátála sna Sceirí deartha i stíl bhabhla agus tá an pháirc scátála nua i mBaile Brigín deartha sa stíl chlasaiceach phláis. Tá an dá pháirc deartha go sonrach chun cur le carachtar na suíomhanna sa dá phobal agus freastalóidh siad ar aoiseanna éagsúla agus ar leibhéil éagsúla taithí.  

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, a d’oscail na páirceanna: “Trí áiseanna inrochtana mar seo a chur ar fáil i bPáirc Bhaile na Sceirí agus i bPáirc Scátála Bhaile Brigín, tá súil ag an gcomhairle úsáideoirí a spreagadh chun saol níos sláintiúla a chaitheamh agus tabhairt faoi chaitheamh aimsire amuigh faoin spéir, nós a leanfaidh ar aghaidh leis na glúnta.

“Is mian liom buíochas a ghabháil le Kevin Halpenny, Stiúrthóir Sinsearach Páirce, a fhoireann agus an conraitheoir, Freestyle Skate Parks, as an obair mhór a rinne siad chun an tionscadal seo a chríochnú. Is mian liom buíochas a ghabháil freisin le baill Choiste Áitiúil na bPáirceanna Scátála, as a gcuid tacaíochta agus as a dtiomantas don áis iontach atá againn inniu a chur ar fáil.”

Tuigeann Comhairle Contae Fhine Gall an tábhacht a bhaineann le sláinte agus le caitheamh aimsire i saol an duine. Soláthraíonn páirceanna scátála go leor buntáistí don phobal, lena n-áirítear sláinte & folláine, gníomhaíocht choirp do leanaí agus do dhaoine óga, áit shábháilte agus dhúshlánach do scátálaithe chun a scileanna a fhorbairt, agus páirceanna scátála chun tacú le pobail shláintiúla bhríomhara, díreach cosúil le háiseanna spóirt eile, agus cruthaíonn siad timpeallacht dhearfach do dhaoine óga inar féidir leo bualadh le cairde.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Cúis áthais dom a bheith anseo chun an dá pháirc scátála iontacha seo a oscailt, spás atá ag teastáil go géar ón bpobal scátála sna ceantair seo.

“Is mian liom buíochas a ghabháil le m’fhoireann i Rannán na bPáirceanna & an Bhonneagair Ghlais as an obair iontach a rinne siad ar mhaithe leis an bpáirc scátála seo a fhorbairt, agus táim ag súil go mór le daoine a fheiceáil, idir óg agus aosta, ag baint tairbhe as an áis spóirt iontach seo.”

Tá lorg na rannpháirtíochta pobail ar an tionscadal seo. Gné bhunúsach a chinntigh go raibh rath ar an tionscadal ba ea go raibh dearadh na páirce scátála bunaithe ar riachtanais úsáideoirí agus go gcuireann na páirceanna le carachtar na suíomhanna.

CRÍOCH

Más spéis leat tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Fotheideal grianghraif: Osclaíonn Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien, agus an Príomhfheidhmeannach Eatramhach, AnnMarie Farrelly, Páirc Scátála Bhaile Brigín agus Páirc Scátála na Sceirí i dteannta  Kevin Halpenny, Maor Páirceanna Sinsearach.

Balbriggan Skatepark