Osclaíonn Méara Fhine Gall Bóthar Dáileacháin Domhnach Bat go hoifigiúil

Tá Méara Fhine Gall, an Clr Eoghan O’Brien, tar éis Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat, gurbh é an chéad tionscadal arna mhaoiniú é faoi Chiste Bonneagair Áitiúil um an nGníomhachtú Tithíochta (LIHAF) le hAtógáil Éireann le bheith curtha ar aghaidh go dtí céim na tógála, a oscailt go hoifigiúil.

Osclaíodh an Bóthar don trácht bhóithre an 6 Márta ach, mar gheall ar an bpaindéim COVID-19, ní rabhthas in ann an seoladh oifigiúil a bhí beartaithe a dhéanamh. Ina ionaid sin, cuireadh cloch chuimhneacháin, atá suite ag acomhal an bhóthair nua agus Bóthar Hearse, i láthair don phobal. 

Dúirt an Méara O’Brien: “Is mór an onóir dom Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat a oscailt go hoifigiúil. Is píosa bonneagair suntasach é do limistéar Dhomhnach Bat Phort Reachrann a mhaolóidh a lán fadhbanna atá ann leis an trácht a bhíonn i lár an tsráidbhaile agus a chuirfidh talamh ar an leithinis ar fáil le bheith forbartha. Ba mhaith liom ómós a thabhairt do na hionadaithe tofa, dóibhsean a bhí ina n-ionadaí san am atá imithe siar agus dóibhsean atá fós ann, ón gceantar a thacaigh leis an tionscadal tábhachtach seo agus a d’oibrigh i gcomhar le foireann na Comhairle chun é a thabhairt chun críche." 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an-áthas orm go bhfuiltear ag oscailt Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat toisc go gcuireann sé bealach nua ar fáil isteach ar an leithinis agus go dtí Domhnach Bat, agus maolófar an trácht sin go léir a bhí ag cruthú fadhb ann le déanaí dá bharr. Tabharfaidh sé deis dúinn roinnt talún tithíochta a oscailt freisin a mbeifear in ann tithe nua a thógáil air, tithe a bhfuil géarghá leo i gceantar Fhine Gall agus Dhomhnach Bat, agus táim ag súil le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i ndáil leis sin sna míonna beaga atá amach romhainn." 

Dúirt Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Chomhairle Contae Fhine Gall, Matthew McAleese: “Tá an bóthar ríthábhachtach chun na tailte a chur ar fáil le haghaidh tithíochta nua, trí scoil agus mol áineasa agus oideachais. Táimid i mbun Creatphlean Uirbeach do Dhomhnach Bat a ullmhú faoi láthair chun an méid sráideanna atá le haghaidh coisithe amháin a mhéadú agus chun láithreáin oiriúnacha a aithint a mbeidh éifeacht an-dearfach acu ar lár an tsráidbhaile é féin." 

Téann Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat 4km i dtreo thoir ón R126 Bóthar Hearse ar an taobh thiar theas de shráidbhaile Dhomhnach Bat, trasna líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Béal Feirste, agus ansin ar aghaidh i dtreo ó thuaidh chun nasc a dhéanamh leis an R126 ar Bhóthar Phort Reachrann.

Donabate Distributor Road Unveiling Photo 1

Tionscadal mór innealtóireachta a bhí i gceist chun an droichead a chur thar an líne iarnróid, de réir Innealtóir Sinsearach Chomhairle Contae Fhine Gall Paul Carroll.

“Tógadh an crosaire Iarnróid thar roinnt oícheanta ionas nach gcuirfear isteach ar na seirbhísí iarnróid príomhlíne. Leagadh roinnt bíomaí móra coincréite ina n-áit nuair a glacadh seilbh iarnróid ó mheán oíche go dtí a 6 a chlog ar maidin. Ba é an conraitheoir MEIC Limited a thóg é agus rinne Comhairle Contae Fhine Gall agus Innealtóirí RPS Consulting maoirseacht air. Tá an dara bealach isteach ar an leithinis thar an líne iarnróid curtha ar fáil leis an droichead agus fuaireamar cead pleanála le déanaí le haghaidh tríú droichead, le bheith suite i sráidbhaile Dhomhnach Bat, nach mbeidh rochtain le fáil air ach amháin ag coisithe agus rothaithe, agus tá an obair dearaidh ina leith sin curtha ar aghaidh go maith."

Leis an mbóthar nua sin, cuirfear slí mhalartach ar fáil go dtí Port Reachrann agus na críocha oirthearacha de Dhomhnach Bat, agus cuirfear feabhas leis chomh maith ar an rochtain ar an Ospidéal Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí a bhfuil tábhacht leis ó thaobh straitéise de i bPort Reachrann nuair a thagann an tsaoráid náisiúnta seo i bhfeidhm.

Cuirfear cosáin agus saoráidí rothaíochta easbhóthair leis ar fad an bhóthair chomh maith, ach go dtí seo níl ann ach carrbhealach aonair amháin, toisc go meastar gur leor sin chun freastal ar an trácht a bheidh ann sa tréimhse ghearr amach anseo. Mar sin féin, fuarthas cead pleanála le haghaidh débhealach agus táthar ag súil leis go bhfuiltear chun an dara carrbhealach a leagadh síos sna blianta beaga atá amach romhainn de réir mar a mheastar go dtiocfaidh méadú ar an méid tráchta a bheidh ann mar gheall ar na tailte cóngaracha a bheith forbartha go huile is go hiomlán.

Ba iad MEIC Ltd na príomhchonraitheoirí agus, ag an am is gnóthaí a bhí ann, bhí thart ar 100 duine fostaithe ar an láithreán idir an príomhchonraitheoir agus fochonraitheoirí éagsúla, agus gineadh fostaíocht eile sa bhreis air sin ó sholáthraithe agus seirbhísí lasmuigh den láithreán ó na tionscail éagsúla ar an slabhra soláthair.

Is ionann costas measta an tionscadail LIHAF seo agus €14.15m, agus €10.61m (75%) de sin maoinithe ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus an chuid eile maoinithe ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Tá Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat mar chuid de Phlean Ceantair Áitiúil Dhomhnach Bat 2016-2022 a bhfuil sé de chuspóir aige bonneagar sóisialta agus fisiceach a chur i gcrích sa cheantar ar mhaithe le pobail inbhuanaithe a chruthú. Chomh maith le soláthar céimnithe ar raon leathan de thithe de chineálacha agus méideanna éagsúla, tá pleananna ann freisin chun ionad áitiúil agus áiseanna áineasa a fhorbairt lena n-áirítear Mol Áineasa Dhomhnach Bat, Féarbhealach an Mhóinéir Leathain agus Páirc Dhúlra an Chorrbhaile.

Is féidir físeán den seoladh oifigiúil a fheiceáil ach an nasc ag seo a chliceáil YouTube link https://youtu.be/5U1nXEsV4uQ