Mar thoradh ar scéim feabhsúcháin atá á stiúradh ag Oifig Athnuachan na mBailte de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, tá athchóiriú déanta ar an Sráid Mhór i mBaile Brigín.

Bunaíodh Oifig Athnuachan na mBailte de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall chun bailte ar fud Fhine Gall a fheabhsú fós mar áit cónaithe, mar áit oibre, mar ionad cuairte agus mar ionad gnó agus chuir Oifig Athnuachan na mBailte de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall maoiniú ar fáil tríd an gclár Our Balbriggan (An Baile Brigín Seo Againne).

Balbriggan mainstreet

Mar thoradh ar scéim feabhsúcháin atá á stiúradh ag Oifig Athnuachan na mBailte de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, tá athchóiriú déanta ar an Sráid Mhór i mBaile Brigín.

Bunaíodh Oifig Athnuachan na mBailte de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall chun bailte ar fud Fhine Gall a fheabhsú fós mar áit cónaithe, mar áit oibre, mar ionad cuairte agus mar ionad gnó agus chuir Oifig Athnuachan na mBailte de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall maoiniú ar fáil tríd an gclár Our Balbriggan. 

Ceadaíodh deontais do 23 áitreabh gnó i lár an bhaile faoi scéim na bhfeabhsúchán ar aghaidh na siopaí.

Cuireadh tús leis an scéim d'fhonn an tsráid a fheabhsú agus chun luach saothair a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla as a chinntiú go mbeadh cuma deas ar aghaidheanna na siopaí.

Gheobhaidh úinéirí gnó suas le €1,500 le haghaidh athphéinteála, deisithe, athsholáthar na comharthaíochta  agus feabhas glaise chomh maith le haghaidh aghaidheanna na siopaí a ghlanadh.

Dar le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, tá an scéim ag cur go mór le Baile Brigín.

“Is cuid ríthábhachtach de thuairim an mhuintir ar a mbaile féin í feabhsú agus cothabháil an tsráid-dreacha,” a dúirt sé.

Dúirt John Quinlivan, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Cultúir ag Comhairle Contae Fhine Gall, go raibh an t-údarás áitiúil sásta le torthaí na scéime.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le húinéirí áitiúla na ngnólachtaí as an bpáirt a ghlacadar sa scéim. B'iontach an freagra a fuaireamar agus labhrann na torthaí ar a son féin.”

Balbriggan Mainstreet Shop