Imeachtaí Rannpháirtíochta Poiblí le reáchtáil maidir le Bealach Cósta Fhine Gall

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag moladh go bhforbrófaí Bealach Cósta Fhine Gall, a sholáthróidh bealach siúil agus rothaíochta ar ardchaighdeán, sábháilte, mealltach agus báúil don timpeallacht cois cósta do phobal Fhine Gall, a chruthóidh nasc idir Diméin an Droichid Nua, Domhnach Bat, An Ros, Loch Sionnaigh, Na Sceirí agus Baile Brigín.

Skerries Footbridge

Spreagfaidh an glasbhealach tuaithe agus uirbeach atá beartaithe áis do chaitheamh aimsire gníomhach do shiúlóirí, bogshodairí agus rothaithe, agus rogha mhealltach éagsúil iompair do leanaí scoile agus do chomaitéirí, rud a bheidh mar bhonn le buntáistí suntasacha comhshaoil, geilleagracha agus sláinte a chruthú d’Fhine Gall.

Tá an scéim atá molta ag na céimeanna tosaigh agus tá príomhdheiseanna agus príomhbhacainní á dtiomsú sula bhforbrófar aon cheann de na roghanna bealaí.

D’fhonn tacú leis an bpróiseas seo, tá foireann tionscadail Chomhairle Contae Fhine Gall ag fáiltiú roimh thuairimí maidir leis an togra agus tá cuireadh á thabhairt d’aon pháirtithe leasmhara freastal ar cheann de na himeachtaí rannpháirtíochta poiblí a reáchtálfar go luath, mar go mbeidh an fhoireann tionscadail ar fáil chun breis eolais faoin tionscadal a roinnt.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Táim ag súil le forbairt an tionscadail seo, a bheidh ina phríomh-áis turasóireachta i bhFine Gall amach anseo, táim cinnte.  Cruthóidh sé nasc idir Bealach an Mhóinéir Leathain, bealach eile atá beartaithe, a chruthóidh nasc idir Domhnach Bat agus Mullach Íde. Tá an Chomhairle ag soláthar gréasán glasbhealaí chun iompar níos inbhuanaithe don phobal agus do chaitheamh aimsire a spreagadh.”

Tá an Chomhairle ag soláthar gréasán glasbhealaí chun iompar níos inbhuanaithe don phobal agus do chaitheamh aimsire a spreagadh

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an gComhairleoir Brian Dennehy, cathaoirleach Choiste um Beartas Straitéiseach na Pleanála, an Iompair Straitéisigh agus na Forbartha Bonneagair: “Gné riachtanach den phróiseas dearaidh é comhairliúchán le páirtithe leasmhara poiblí agus mholfainn do gach grúpa sainspéise, cónaitheoirí áitiúla, gnóthaí agus úinéirí talún páirt a ghlacadh sna himeachtaí rannpháirtíochta poiblí.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an bPríomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly: “Tá tús áite á thabhairt ag an gComhairle don bhonneagar glasbhealaí a chur ar fáil.  Cruthaíonn glasbhealaí go leor buntáistí chomh fada is a bhaineann le forbairt gheilleagrach agus áiseanna caitheamh aimsire, agus is féidir leo ról lárnach a bheith acu i nGníomhú ar son na hAeráide chomh maith.  Is bealach iontach é imeachtaí rannpháirtíochta poiblí a reáchtáil sa tráthnóna chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara áitiúla níos mó a fhoghlaim faoin tionscadal agus a dtuairimí a chur in iúl.”

Seo a leanas dátaí agus amanna na nImeachtaí Rannpháirtíochta Poiblí:

Rannpháirtíocht Phoiblí

Dátaí

Suíomh

Am

Tráthnóna Eolais don Phobal

26/11/19

Leabharlann an Rois, An Ros, Co. Bhaile Átha Cliath

5:00pm go dtí 8:00pm

Tráthnóna Eolais don Phobal

27/11/19

Óstán an Bracken Court, Baile Brigín,

Co. Bhaile Átha Cliath

5:00pm go dtí 8:00pm

Tráthnóna Eolais don Phobal

28/11/19

Club Seoltóireachta na Sceirí, Na Sceirí,

Co. Bhaile Átha Cliath

5:00pm go dtí 8:00pm

Eolas ar líne, ceistneoir & aighneachtaí: https://consult.fingal.ie/en/browse

 

Sula reáchtálfar an tImeacht Rannpháirtíochta Poiblí, iarrtar ar pháirtithe leasmhara an fhoirm chlárúcháin agus ceistneoir atá le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall a líonadh: https://consult.fingal.ie/en/browse

Is féidir aighneachtaí maidir le Bealach Cósta Fhine Gall a dhéanamh idir an 26 Samhain agus an 19 Nollaig:

  • I scríbhinn ag an Tráthnóna Rannpháirtíochta Poiblí
  • Ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall: https://consult.fingal.ie/en/browse
  • Trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]
  • Nó, an fhoirm a sheoladh sa phost chuig an Innealtóir Sinsearach, An Roinn Pleanála agus Bhonneagar Straitéiseach, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K37 X8Y2