Iarrann an Chomhairle ar úsáideoirí páirceanna agus tránna aird a thabhairt ar threoirlínte sláinte poiblí agus a gcuid bruscair a thabhairt abhaile leo

The scene that greeted Fingal County Council staff on Thursday morning at Malahide Demesne

Tá imní ar an gComhairle mar gheall ar an méadú suntasach ar chaitheamh bruscair agus dumpáil i bpáirceanna agus ar thránna ar fud Fhine Gall, agus mar gheall ar an méadú ar chásanna iompraíochta frithshóisialta agus an cur isteach ar chónaitheoirí.

 

Bhuail Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall agus an Stiúrthóir Oibríochta le Gardaí sinsearacha tráthnóna Déardaoin chun a n-ábhair imní a phlé. D'aontaigh an Garda Síochána a chuid patról a mhéadú ar fud an chontae ag an deireadh seachtaine agus tá achainí déanta aige ar dhaoine na treoirlínte sláinte poiblí a leanúint agus fanacht taobh istigh de 5km dá dtithe.

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Tá na himeachtaí le déanaí, ach go háirithe i limistéir cois cósta, ina n-ábhair imní agus d'iarrfainn ar dhaoine cuimhneamh air go bhfuilimid fós i lár na paindéime agus go bhfuil na treoirlínte sláinte poiblí maidir le scaradh sóisialta agus taisteal fós i bhfeidhm. Ní mór aird a thabhairt ar na treoirlínte sin, fiú ag an deireadh seachtaine saoire bainc nuair atá an ghrian ag taitneamh, mar tá beatha daoine i mbaol."

 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: "Bhí cruinniú an-mhaith againn leis an nGarda Síochána an tseachtain seo agus tá imní orthu chomh maith. Beimid ag obair go dlúth leis an nGarda Síochána an deireadh seachtaine seo agus beimid réidh gníomhú de réir a chomhairle má bhíonn fadhbanna againn le plódú nó iompraíocht fhrithshóisialta. "

 

Dúirt Stiúrthóir Oibríochta Chomhairle Contae Fhine Gall, David Storey: "Tá imní orainn ach go háirithe go mbíonn daoine ag dul isteach sna páirceanna i ndiaidh am dúnta agus fuair ár maoir pháirce amach gur caitheadh neart bruscair agus go ndearnadh leibhéal suntasach dumpála thar oíche. Dúnann ár bpáirceanna ag a 9 a chlog gach oíche agus beidh patróil bhreise oíche ar siúl ag an nGarda Síochána ag an deireadh seachtaine chun cosc a chur le cruinnithe oíche. Oibrímid go dian chun ár bpáirceanna a chaomhnú ag caighdeán ard ach táimid ag iarraidh ar dhaoine iad féin a iompar ar bhealach freagrach agus sábháilte, ach go háirithe ag an tráth seo mar gheall ar COVID-19."

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh ar dhaoine an méid seo a leanas a dhéanamh:

                       

      • Ná déan aclaíocht ach taobh istigh de 5km de do theach.
      • Ná bailigh le chéile ach i ngrúpaí ina bhfuil ceathrar ar a mhéad.
      • Tabhair aird ar an bprótacal scartha shóisialta 2 mhéadar.
      • Aimsigh áit éigin níos ciúine má tá páirc, trá nó spás oscailte gnóthach,
      • Tabhair aird ar an am sainithe do dhaoine atá ag clutharú a gcuid aclaíochta a dhéanamh i bpáirceanna, is é sin idir 1.30 p.m. agus 3.30 p.m tráthnóna.
      • Ná dumpáil do bhruscar má tá bosca bruscair iomlán. Tabhair abhaile é agus cuir é i do bhosca bruscair féin.
      • Ná téigh isteach i bpáirceanna i ndiaidh 9 p.m., an t-am dúnta.