Fógra maidir le clárú chun vótáil san Olltoghchán

Níl tú cinnte an bhfuil tú cláraithe chun vóta a chaitheamh san olltoghchán an 8 Feabhra? Seiceáil an clár mar sin ag  Voter.ie or www.checktheregister.ie 

Chun vóta a chaitheamh ag an Olltoghchán an 8 Feabhra, caithfidh tú a bheith cláraithe ar Chlár na dToghthóirí 2019/2020

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo - Fógra Clár na dtoghthóirí 

 

Vote

Chun vóta a chaitheamh ag an Olltoghchán an 8 Feabhra, caithfidh tú a bheith cláraithe ar Chlár na dToghthóirí 2019/2020

 

Tá tú incháilithe chun vóta a chaitheamh san Olltoghchán sna cásanna seo a leanas:-

  • Má bhí tú ar an gclár nó san fhorlíonadh leis an gclár don Toghchán Áitiúil a bhí ar siúl i mBealtaine 2019 agus don Chorrthoghchán i Samhain 2019 agus más saoránach Éireannach nó na Breataine thú, tá tú incháilithe vóta a chaitheamh san Olltoghchán.
  • Má líon tú iarratas voter.ie isteach ar líne chun go gcuirfear thú ar chlár nua 2020/2021 agus má tugadh freagra dearfach duit, cuirfear thú ar an bhForlíonadh leis an gClár agus tá tú cláraithe chun vóta a chaitheamh san Olltoghchán.
  • Má líon tú foirm Forlíonta isteach agus má cuireadh stampa air ag stáisiún Gardaí, tá tú cláraithe chun vóta a chaitheamh san Olltoghchán agus cuirfear d’ainm ar an bhForlíonadh leis an gClár don Olltoghchán.

 

 

Mura bhfuil tú ar an gClár, ar an gClár Forlíontach nó murar líon tú iarratas isteach ar voter.ie ar líne agus más mian leat vóta a chaitheamh ag an gcéad Olltoghchán eile, beidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

  • Má tá tú cláraithe chun MYGov Id a úsáid, is féidir leat clárú chun vóta a chaitheamh nó do shonraí a athrú ar líne ag vótálaí.ie

 

 

  • Líon isteach an fhoirm fhorlíontach (RFA2, RFA3 nó RFA5) agus seol ar ais é chuig d’údarás áitiúil faoi scor gnó an 22 Eanáir 2020. Seol d’fhoirm chomhlánaithe chuig

 

Comhairle Contae Fhine Gall,            Rannóg Chlár na dToghthóirí,                       Áras an Chontae,

An Phríomhshráid, Sord,

Contae Bhaile Átha Cliath.

 

Má bhíonn aon cheisteanna eile agat, déan teagmháil, le do thoil, le [email protected] /01 8905992.

 

Is é an Dáta Deiridh chun daoine a chur leis an bhForlíonadh Dé Céadaoin, an 22 Eanáir 2020 

Tábhachtach - má sheol tú foirmeacha ar aghaidh atá le cur san áireamh ar chlár nua 2020/2021, níl tú cláraithe chun vóta a chaitheamh mar gheall nach gcuirtear tús leis an gClár seo go dtí an 15 Feabhra 2020.

 

Tá an dualgas ar an Toghthóir a sheiceáil go bhfuil siad cláraithe i gceart chun vóta a chaitheamh.