An Fhéile Am Scríbhneoireachta de chuid Leabharlanna Fhine Gall – Meán Fómhair 2020

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, an fhéile Am Scríbhneoireachta de chuid Leabharlanna Fhine Gall ar thalamh Chaisleán Shoird Déardaoin 3 Meán Fómhair.

Fingal Libraries Write Time Festival 2020

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, an fhéile Am Scríbhneoireachta de chuid Leabharlanna Fhine Gall ar thalamh Chaisleán Shoird Déardaoin 3 Meán Fómhair.

Seo é an cúigiú féile bhliantúil Am Scríbhneoireachta atá eagraithe ag Leabharlanna Fhine Gall chun comóradh a dhéanamh ar an bhfocal scríofa agus an focal labhartha i bhFine Gall. Féile go hiomlán ar líne a bheidh i bhféile na bliana seo. Beidh cainteanna agus ceardlanna do leanaí agus daoine fásta ar fáil ar chainéal YouTube de chuid Leabharlanna Fhine Gall agus uaslódálfar iad ar ár n-ardáin meán sóisialta i rith mhí Mheán Fómhair.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: "Bhí ríméad orm an fhéile Am Scríbhneoireachta a sheoladh, an cúigiú féile bhliantúil as a chéile, Déardaoin seo caite. Beidh sé éagsúil ó na ceithre fhéile roimhe seo mar gheall ar Covid-19, ach beidh neart deiseanna foghlama ann do gach uile dhuine a ghlacfaidh páirt ar líne i mbliana."

Dúirt an Leabharlannaí Contae Betty Boardman: "Beidh an cúigiú féile Am Scríbhneoireachta de chuid Leabharlanna Fhine Gall difriúil i mbliana. Mar gheall ar Covid-19, ní féidir linn fáilte a chur roimh lucht féachana, ach is féidir le daoine fós tairbhe a bhaint as ceardlanna, cainteanna agus imeachtaí eile ina dtithe féin ar YouTube agus ar ár gcainéil meán sóisialta. Má tá fonn cruthaitheachta ort agus is mian leat tús a chur le gearrscéal, cuimhní pearsanta nó úrscéal fiú, is áit iontach í seo le tosú."

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail i gComhairle Contae Fhine Gall: "Tugann an fhéile Am Scríbhneoireachta de chuid Leabharlanna Fhine Gall deis d'aon duine ar spéis leo in ealaín na scríbhneoireachta páirt a ghlacadh i gclár éagsúil agus teagmháil a dhéanamh leis na haíonna saineolacha a gcuirfear agallamh orthu. Beidh féile na bliana seo go hiomlán digiteach mar gheall ar na srianta atá ann go fóill de bharr Covid-19.  Chuir an fhoireann leabharlann imeacht iontach le chéile agus ghríosóinn a oiread daoine agus is féidir páirt a ghlacadh agus leas a bhaint as an gclár."

Mar chuid de chlár na bliana seo, beidh imeacht agallaimh ar siúl. Beidh Paula Campbell ó Poolbeg Publishers i mbun comhrá le beirt scríbhneoirí mór le rá ó Bhaile Átha Cliath, Jane Ryan agus Fiona Gartland. Déanfaidh an file, eagarthóir agus úrscéalaí a bhfuil moladh faighte aici ó na léirmheastóirí, Nessa O'Mahony, plé ar líne ar roinnt de na scríbhneoirí is cáiliúla as Fine Gall agus léifidh sí roinnt de na saothair iontacha a chum siad.

Beidh an scríbhneoir do leanaí a bhfuil duaiseanna buaite aici, Sarah Webb, i mbun ceardlann ar líne dar teideal 'Creative Bursts' do leanaí idir 8-12 bhliain d'aois. Beidh atmaisféar an fhómhair ar an gceardlann sin. Cuirfidh Domhnall ó Leabharlanna Fhine Gall cúrsa comhfhreagartha ceithre mhodúl a bhfuil sé mar aidhm aige tuiscint a fháil ar bhuntús na scéalaíochta.

www.fingal.ie/library

Lean muid ar Facebook, Instagram @librariesfingal agus Twitter @fingallibraries agus cláraigh le cainéal YouTube Leabharlanna Fhine Gall. Blag leabharlann Fhine Gall http://www.fingal.ie/fingal-libraries-blog

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le:

Marguerite Drake – Guthán: 01 890 5531

Enda Greene – Guthán: 01 890 5531

Ríomhphost: [email protected]

Imeachtaí agus Caidreamh Poiblí Leabharlanna Fhine Gall