Féile Bealtaine 2021 Seolta

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, féile bhliantúil Leabharlanna Fhine Gall, Féile Bealtaine Dé hAoine, an 30 Aibreán.

Bealtaine Festival Launch

I láthair ag an ócáid freisin bhí Leabharlannaí Contae Fhine Gall, Betty Boardman agus an Stiúrthóir Seirbhísí, Emer O’Gorman. Is cuid de cheiliúradh náisiúnta na hÉireann ar na healaíona & an chruthaitheacht de réir mar a théitear in aois an Fhéile a reáchtáiltear i rith mhí na Bealtaine.

Beidh an Fhéile á reáchtáil ar líne arís agus beidh meascán spéisiúil & éagsúil imeachtaí beo & taifeadta ar siúl. Tá cuireadh á thabhairt do dhaoine páirt a ghlacadh i gcúrsa ióga cathaoireach, cúrsa ríomhaireachta do dhaoine fásta atá dírithe ar Google agus táirgí Google, imeacht beo ar líne bunaithe ar éachtaí mhuintir Yeats agus bainis fhíorúil. Cuirfidh Carnation Theatre leagan taifeadta dá dhráma cáiliúil “Midwives of the Nation” i láthair, cuirfidh an scéalaí aitheanta Niall de Burca físeán scéalaíochta speisialta i láthair ar líne chun ceiliúradh a dhéanamh ar Bealtaine 2021, beidh Cleas Teoranta i mbun 2 rang dhátheangacha cniotála, agus díreoidh Wicklow Willo ar stair, scéalta & traidisiúin Lá Bealtaine agus Bealtaine i sraith físeán.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, “Cúis áthais dom féile Bealtaine 2021 a sheoladh, féile atá á reáchtáil ar líne arís i mbliana agus atá ag cruthú naisc idir an teicneolaíocht nua agus na seantraidisiúin agus na seancheirdeanna. Cuimsítear sa chlár scéalaíocht ar líne, ceardlanna cniotála dátheangacha agus scrúdú ar thraidisiúin na Bealtaine, an mhí ar a bhfuil ainm na féile bunaithe.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, ”Tá mé fíorshásta go bhfuil clár álainn agus spéisiúil fhéile Bealtaine Leabharlanna Fhine Gall á seoladh, féile a spreagann féith na cruthaitheachta ionann ar fad de réir mar a atáimid ag dul in aois.  Ó tharla srian a bheith curtha le saol sóisialta daoine scothaosta tá mé cinnte go mbeidh an-tóir ar an bhféile seo a thabharfaidh amharclannaíocht, siamsaíocht, ceirdeanna agus cruthaitheacht isteach i dtithe na ndaoine seo ar bhealach atá sábháilte.” 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Leabharlannaí Contae Fhine Gall, Betty Boardman, “Cúis áthais do Leabharlanna Fhine Gall an clár spreagúil imeachtaí seo a chur in bhur láthair le haghaidh Fhéile Bealtaine Age and Opportunity. Beifear ag díriú ar ióga, teicneolaíocht, amharclannaíocht, stair, ceirdeanna agus scéalaíocht i rith na Féile agus é mar aidhm an chruthaitheacht a chothú agus a spreagadh agus scileanna agus eispéiris a roinnt a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le saol saibhir cruthaitheach. “

 

Is féidir clár na féile a íoslódáil trí chliceáil ar an nasc seo Fingal Libraries Bealtaine Festival

             

Bealtaine Launch