Feachtas Go dTé tú Slán Seolta

Sheol an Taoiseach, Micheál Martin TD,an feachtas “Go dTé Tú Slán” a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le daoine agus le pobail aire a thabhairt dá gcuid sláinte fhisiciúil agus mheabhrach sna míonna atá romhainn.

Go dté tú slánDIGITAL_HEADER_IRISH

Cuireann Plean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19: Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021 an bhéim ar an ról tábhachtach a bheidh ag an teacht aniar i measc an phobail agus i ndaoine aonair maidir lenár bhfreagairt leanúnach ar an COVID-19.

Tá sé i gceist leis an seoladh inniu gach duine sa tsochaí a spreagadh chun gnímh. Is cuireadh é do dhaoine aonair, do phobail áitiúla, do ghrúpaí deonacha, d’eagraíochtaí spóirt, dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an gcruthaitheacht agus leis an healaíona, leis an oidhreacht áitiúil agus an stair, le gnólachtaí chomh maith leis an rialtas áitiúil agus náisiúnta, bealaí a aimsiú chun tacú le gach duine chun go rachaimid i mbun gníomhaíochtaí agus gnáthamh nua a dhéanfaidh maitheas dúinn.

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas “Go dTé tú Slán” taispéaint do dhaoine, idir óg agus aosta, conas is féidir linn aire a thabhairt dár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus dár bhfolláine trí nósanna sláintiúla agus úsáideacha a chur isteach inar ngnáthamh laethúil agus seachtainiúil. Soláthróidh sé treoirlínte, eolas agus leideanna ar rudaí a chabhróidh linn bheith ar fónamh sna míonna atá romhainn. Beidh an méid seo go léir le fáil ar gov.ie/healthyireland.

Áitítear sa seoladh inniu, cistiú atá á leithdháileadh ó Sláintecare chun tacú le roinnt tionscnamh tríd an gCiste Éire Sláintiúil a rollfar amach sna míonna ata le teacht. Beidh eolas faoi acmhainní agus tionscnaimh áitiúla ar fail freisin trí Údaráis Áitiúla na hÉireann.

Tá an seoladh seo ag cur leis an bhfeachtas ‘Sa bhád Céanna’ a tharla níos luaithe i mbliana. Díríonn an feachtas “Go dTé tú Slán” ar chúig phríomhthéamaí:

  • Bí gníomhach – tá sé tábhachtach bheith gníomhach agus bheith amuigh faoin spéir, fiú i rith an gheimhridh, chun cabhrú lenár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus lenár bhfolláine.

 

Tá sraith tionscnamh ar bun ag Spórt Éireann a thacóidh le daoine bheith gníomhach ina gceantair áitiúla féin i rith an gheimhridh. Lena chois sin, tugtar cuireadh d’eagraíochtaí spóirt agus do chlubanna bealaí a fhorbairt chun tacú le pobail áitiúla.

  • Bíodh caidreamh agat – tá sé tábhachtach dár bhfolláine bheith nasctha le daoine, dul i ngleic leis an uaigneas, tacú le grúpaí deonacha agus le tionscnaimh a chothaíonn an nasc pearsanta.

 

Ag cur leis an bhfreagairt Glao an Phobail níos luaithe i mbliana, táthar ag tacú leis na hÚdaráis Áitiúla chun líne chabhrach agus seirbhís muintearais áitiúil don phobal a chur ar fáil. Ag obair le comheagraíochtaí, lena n-áirítear an Garda Síochána, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus Oibrithe Deonacha na hÉireann, cuirfear béim faoi leith ar dhaoine a aithint is mó atá i mbaol ón uaigneas, agus tacú leo.

  • Sos a ghlacadh agus rud cruthaitheach a dhéanamh - sos a ghlacadh agus rud cruthaitheach a dhéanamh nó rud nua a fhoghlaim, filleadh ar an nádúr agus bealaí a aimsiú chun do scíth a ligean – is féidir leo go léir cur lenár bhfolláine ghinearálta.

 

Soláthróidh na hÚdaráis Áitiúla agus na leabharlanna, le comhairle ón gClár Éire Ildánach, agus i gcomhpháirt le grúpaí ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil, réimse tionscnamh chun tacú leis an gcruthaitheacht ag leibhéal an duine aonair agus an phobail araon, sna healaíona, sa cheardaíocht, agus i gcúrsaí cultúir agus oidhreachta.

  • Bia folláin – nuair a chothaímid ár gcolainn agus ár n-intinn, is féidir linn nasc níos fearr a fhorbairt idir an bia a ithimid agus conas a mhothaimid, agus tionchar dearfach a imirt ar ár bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach.

Cuirfidh Bord Bia faisnéis agus acmhainní ar fáil chun tacú le réim bia shláintiúil don gheimhreadh seo. Cuirfidh Biaslán an chéad chéim eile dá bhfeachtas “TÚS” i bhfeidhm, ag díriú ar lántairbhe a bhaint as an am a chaitear leis an teaghlach agus nósanna sláintiúla a chothú. Ina theannta sin, éascóidh líonra na leabharlanna ar fud na tíre mórthionscnamh Fás Tú Féin É go luath in 2021, chun tacú le daoine a gcuid bia féin a fhás – is cuma an méid – rud a chabhróidh ceangal a dhéanamh idir bia a fhás agus réim bia sláintiúil a ithe chomh maith le líonraí pobail a fhorbairt.

  • Tabhair aire do do ghiúmar – eolas a thabhairt do dhaoine maidir le cén áit ar chóir dóibh tacaíocht a lorg más gá. Déanfar é seo a nascadh leis an líne chabhrach áitiúil chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh rochtain ag daoine ar an tacaíocht atá ag teastáil.

Seolfaidh FSS sraith d’acmhainní “Tabhair Aire do d’Fholláine” sna laethanta atá romhainn. Chomh maith leis sin, táthar ag tacú leis na Coistí um Sheirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga ar fud na tíre chun go gcuirfidh siad seirbhísí feabhsaithe ar fáil do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh sna míonna atá romhainn.