Healthy Fingal

Go dté tú slán i do phobal

Discover More

Fine Gall Sláintiúil

Lorgaíonn Fine Gall Sláintiúil tacú le Éire Shláintiúil a chur i bhfeidhm ar fud Fhine Gall trí dhul i ngleic le neamhionannas sláinte.

Sainaithnítear i bPlean Straitéiseach Fhine Gall 2021-2025 19 ngníomh, a chomhfhreagraíonn do chúig ghné Straitéis

Náisiúnta Éire Shláintiúil.

Cuireann na gníomhartha seo treochlár ar fáil, i dteannta a chéile, chun feabhas a chur ar an tsláinte i bhFine Gall.

Íoslódáil Plean Straitéiseach Fhine Gall Sláintiúil anseo

Íoslódáil Bróisiúr Fhine Gall Sláintiúil anseo 

Is éard is Fine Gall Sláintiúil ná tionscnamh inar féidir le gach duine taitneamh a bhaint as sláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte agus folláine a mhéid agus is féidir leo, ina léirítear luach ar agus ina dtacaítear leis an bhfolláine ar gach leibhéal den tsochaí agus ina mbíonn gach duine freagrach as.

Is féidir leat Fine Gall Sláintiúil a leanúint ar Facebook agus Twitter

Is féidir leat Mullach Eadrad Sláintiúil a leanúint freisin ar

Facebook agus Twitter
An Feachtas Bí ar Fónamh

Leagtar béim i bPlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le Covid-19 - Athléimneacht agus Téarnamh 2020-21 ar an ról tábhachtach a ghlacfaidh athléimneacht aonair agus phobail chun cur lenár bhfreagairt leanúnach do Covid-19.

Tá an feachtas seo dírithe ar a chur in iúl do dhaoine ar gach aois conas is féidir linn aire a thabhairt dár sláinte agus folláine féin fhisiciúil agus mheabhrach trí nósanna sláintiúla agus áisiúla a chur lenár ngnáthaimh laethúla agus sheachtainiúla.  Cuirfidh sé treoirlínte, eolas, agus leideanna ar fáil faoi conas is féidir linn plean a dhéanamh chun rudaí a dhéanamh a dhéanann maitheas dúinn gach lá.

Cuirtear an feachtas BÍ AR FÓNAMH seo ar siúl a bhuíochas le Éire Shláintiúil, tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann le cistiú ó Chiste Éire Shláintiúil agus ciste Sláintecare, a sholáthraíonn Pobal.

Keep Well Bí Gníomhach

Bí Gníomhach

Tá a fhios againn go bhfuil an geimhreadh ann agus go bhfuil sé fuar lasmuigh ach chun a bheith sláintiúil agus fanacht sláintiúil caithfimid go léir a bheith gníomhach agus coinneáil ag bogadh. 

Déan teagmháil linn

Bíodh Caidreamh Agat

Tá sé chomh tábhachtach fanacht nasctha le teaghlaigh, le cairde agus leis an bpobal áitiúil ag an am seo.

Keep Well Lig do Scíth

Ag Tógáil Sosa

Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil gach rud ar líne anois agus tá a fhios againn go bhfuil sé deacair sos a thógáil.

Ith Bia Sláintiúil

Ag Ithe Go Maith

Tá sé chomh tábhachtach aiste bhia shláintiúil a choinneáil cé go bhfuil sé fuar lasmuigh.

Tabhair Aird ar do ghiúmar

Ag Tabhairt Aire Dod’ Ghiúmar

Tá an saol deacair agus strusmhar do go leor againn anois agus tá sé tábhachtach teagmháil a dhéanamh agus cabhair a fháil nuair a bhraitheann tú go bhfuil gach rud ag éirí ródheacair.