Cuid 8 - Cead tugtha le haghaidh Feabhsuithe ar an tSráid Nua

pedestrian street with cafe tables and planting

Chinn  Comhairle Contae Fhine Gall tráthnóna inniu go rachaidh sí ar aghaidh  le feabhsúcháin a dhéanamh ar an bhFearann Poiblí ar an tSráid Nua, Mullach Íde agus tá an mhionobair ina leith le tosú sna seachtainí le teacht.

Garsprioc mhór de chuid an tionscadail atá sa cinneadh maidir le dul ar aghaidh leis na feabhsuithe fairsinge ar an bhFearann Poiblí agus tagann sé tar éis tréimhse fhairsing an chomhairliúcháin  phoiblí le gnólachtaí agus le cónaitheoirí Mhullach Íde.

Ba é an toradh na céime seo ná an réamhdhearadh a foilsíodh sa bhliain 2023 le híomhánna 3T agus físeáin ann a thaispeán an chaoi a bhfeabhsóidh na hoibreacha atá beartaithe croílár shráidbhaile Mhullach Íde agus a chruthróidh timpeallacht mhealltach, inbhuanaithe agus fháilteach a mbainfidh daoine de gach aois agus de gach leibhéal soghluaisteachta taitneamh as.

 

I measc na n-oibreacha atá beartaithe, tá uasghrádú ar chosáin agus ar dhromchlaí sráide, scéim thírdhreachaithe nua, áiseanna itheacháin feabhsaithe faoin aer agus limistéir shuíocháin phoiblí nua. Áiríonn sé freisin gné uisce agus spás páirceála na rothar agus cuimseoidh sé draenáil uirbeach inbhuanaithe (DUI) riachtanach  chomh maith  feabhsuithe ar an soilsiú poiblí. Tugann na huasghráduithe ar an bhfearann poiblí atá deartha tacaíocht do chuspóirí Ghníomhaíocht Aeráide Fhine Gall chomh maith, ag cur timpeallacht saor ó charranna le caighdeán an aeir feabhsaithe agus astaíochtaí laghdaithe ar fáil i lár shráidbhaile Mhullach Íde.

Deir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, go mbainfidh Mullach Íde leas as an infheistíocht thábhachtach seo. “Cosnóidh feabhsú an fhearainn phoiblí maidir le húsáid na Sráide Nua ag coisithe amháin todhchaí inbhuanaithe Mhullach Íde, mar cheann scríbe turasóireachta suntasach agus mar phobal áitiúil faoi bhláth. Feabhsaíodh an dearadh i ndiaidh hionchur a fhail ó na seirbhísí éigeandála, ó chónaitheoirí agus ó ghnólachtaí na háite, agus ó na hEagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas (EDManna), ionas go mbeadh fíorfháilte roimh gach éinne sa spás nua-fheabhsaithe a nascfaidh isteach le Faiche an Bhaile ag bun na sráide.”

Séard atá sa chéad chéim eile don tSráid Nua ná go dtabharfaidh an fhoireann deartha imeasctha an miondearadh acu chun chríche. Baineann sé seo le na bailchríocha agus leis na sonraí níos míne a chinneadh chun an fhís atá leagtha amach sa réamhdhearadh a bhaint amach. Tar éis próiseas an tsoláthair, socrófar amlíne sealadach na tógála ansin sula gcuirfear tús leis an obair ar an suíomh.

Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, fáilte roimh an bhfógra ag rá di: “Is céim mhór chun cinn í bronnadh an chead pleanála do thionscadal na Sráide Nua. Sna míonna amach romhainn, leanfaidh an fhoireann deartha imeasctha lena cuid oibre chun bunathrú a chur ar an tsráid agus táim ag tnúth go mór le céim an tsoláthair a bhaint amach.”

Dar le David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt, bainfidh gnólachtaí i Mullach Íde leas as na huasghráduithe. “Sé fianaise na hEorpa maidir lena leithéid ná go ndéanann iad siúd ag rothaíocht agus ag siúl turais níos minice agus go mbíonn caiteachas níos mó acu in aghaidh na cuairte ná mar a dhéanann siad agus iad ag tiomáint. Níos gaire don bhaile, ar Shráid Chéipil i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus i sráidbhaile na Carraige Duibhe, bhí na trádálaithe an-dearfach faoin tionchar a imríodh ar an gcaiteachas i ndiaidh  tús áite a thabhairt do choisithe.”

Ag teacht faoi shainchúram feidhm an Taistil Ghníomhaigh de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, léiríonn na Feabhsúcháin ar an bhFearainn Phoiblí maidir le húsáid na Sráide Nua ag Coisithe Amháin go bhfuil Ordlathas na n-Úsáideoirí Iompair á chur i bhfeidhm. Dar le deachleachtas ord na tosaíochta, arna ghlacadh coitianta ag an bpobal, go bhfuil an chéad áit ag na coisithe sa spás poiblí, iad siúd ar rothair ina dhiaidh sin, agus ansin an t-iompar poiblí. Déanann an t-ordlathas seo eolas do gach tionscadal an Taistil Ghníomhaigh ar fud an chontae, a chuireann le sprioc na Comhairle líon na ndaoine a roghnaíonn an Taisteal Gníomhach a mhéadú le haghaidh turais ghearra an lae.

Tá tuilleadh eolais le feiceáil ag www.fingal.ie/newstreet