Corn Measa Fíorúil Ag Glaoch ar Gach Bunscoil i mBaile Átha Cliath 15

Deir daoine áirithe gur ealaín í an pheil, ach an uair seo tá an ceart acu!

Tá an FAI agus Comhairle Contae Fhine Gall leanúint ar aghaidh ag idirghníomhú le scoileanna chun meas a chur chun cinn ag úsáid peile agus ealaíne mar uirlis sa ‘Corn Measa Fíorúil’

Image of Children from previous Respect Cup

Deir daoine áirithe gur ealaín í an pheil, ach an uair seo tá an ceart acu!

Bhí tionchar nach beag ag Covid-19 ar chluichí peile ar fud an chontae ach níor chuir sé sin stad leis an FAI agus Comhairle Contae Fhine Gall leanúint ar aghaidh ag idirghníomhú le scoileanna chun meas a chur chun cinn ag úsáid peile agus ealaíne mar uirlis sa ‘Corn Measa Fíorúil’.  Spreagfar scoileanna agus ranganna chun píosaí ealaíne a chruthú bainteach leis an téama ‘Meas’, iad a roinnt ar na meáin shóisialta agus dul san iomaíocht le scoileanna eile le haghaidh duais.

De ghnáth ag an am seo den bhliain bheadh ranganna a trí agus ranganna a ceathair ó bhunscoileanna i mBaile Átha Cliath 15 ag glacadh páirt i ‘gCorn Measa’ FAI/Comhairle Contae Fhine Gall mar chuid de sheachtainí FARE (Peil in aghaidh an Chiníochais san Eoraip) agus an tionscnamh ‘Taispeáin an Cárta Dearg don Chiníochas’ agus cé go bhféadfadh cluichí ar na páirceanna stopadh tá na tionscnaimh seo fós ag dul ar aghaidh."

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Tá tionscnaimh ar nós “Corn Measa” an-tábhachtach chun leanaí a chur ar an eolas faoi mheas agus chun feasacht ar chiníochas a chruthú agus tá áthas orm go bhfuil an tionscnamh ag dul ar aghaidh san fhormáid nua seo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Seo sampla eile den chaoi a chaithfimid oiriúniú do shrianta Covid-19 agus a chinntiú go dtéann tionscnaimh thábhachtacha mar seo ar aghaidh. Is cinnte go rachaidh an ‘Corn Measa Fíorúil’ i bhfeidhm go cumhachtach ar shamhlaíocht leanaí agus é ag feidhmiú mar uirlis chun meas a chothú agus troid i gcoinne an chiníochais.”

Dúirt Paul Breen Oifigeach Forbartha FAI/Peil Fhine Gall:“Ar an drochuair, mar gheall ar an bpaindéim atá ann faoi láthair ní féidir leis an ócáid dul ar aghaidh ina gnáthbhealach i mbliana agus is cúis mhór díomá í seo tar éis rath ócáid na bliana seo caite ina raibh rannpháirtíocht níos airde ná mar a bhí riamh ó scoileanna i mBaile Átha Cliath 15.  I mbliana áfach, tá ‘Corn Measa Fíorúil’ á reáchtáil againn.  

“Táimid ag lorg scoileanna/ranganna chun píosaí ealaíne a chruthú bainteach leis an téama ‘Meas’ agus na híomhánna seo a roinnt ar mheáin shóisialta a scoile le haghaidh duais de €100 don scoil leis na píosaí is fearr.”

“Mholfainn do na scoileanna an oiread píosaí ealaíne is mian leo a phostáil ar a meáin shóisialta chun Meas a chur chun cinn. Ansin ba chóir do na scoileanna 2 phíosa a roghnú dá n-iontráil fhoirmiúil (píosa amháin ealaíne bainteach leis an téama Meas agus Peil in aghaidh an Chiníochais  agus ceann eile bainteach leis an téama Meas – Ag troid i gcoinne Covid-19 a bhféadfadh meas ort féin agus meas don phobal a bheith i gceist trí chlúdaigh aghaidhe a chaitheamh chun an bua a fháil ar Covid-19 agus dul ar ais ag imirt peile).”

 Dúirt Philip Jennings ó Safer Bhaile Bhlainséir: “Tá fíoráthas orm a bheith in ann tacú le hócáid chomh tábhachtach agus a chinntiú go leanfaidh sí ar aghaidh i mbliana d’ainneoin na paindéime agus thairg mé an chéad duais de €100 don scoil leis na píosaí Ealaíne is fearr agus duais thánaisteach de €50”.

Is é an 23ú Deireadh Fómhair an dáta deiridh chun clárú agus caithfear na píosaí deiridh ealaíne a chur isteach faoin 13ú Samhain agus fógrófar na buaiteoirí sa tseachtain dár tús 16ú Samhain.

 Scoileanna a theastaíonn tuilleadh eolais uathu nó ar mian leo cur isteach sa “Corn Measa Fíorúil” déan teagmháil le do thoil le Paul Breen, Oifigeach Forbartha Fhine Gall/FAI [email protected]