Comhairliúchán Poiblí Comhshaoil Trasteorann - Cumhachtstáisiún Núicléach Sizewell C, Suffolk, an Ríocht Aontaithe

planning online

Cén fáth go bhfuiltear ag tabhairt faoin gcomhairliúchán seo?

Faoi théarmaí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1991 ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (Coinbhinsiún Espoo), agus faoi Threoir an AE 2011/92/AE maidir le héifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol a mheas (treoir EIA), ceanglaítear ar an mBallstát dul i mbun comhairliúcháin phoiblí trasteorann maidir le tionscadail ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar chomhshaol na Stát comharsanachta mar chuid den mheasúnú tionchair timpeallachta ar fhorbairt bheartaithe. Chun na críche sin, ceanglaítear ar an mBallstát a bhfuil sé beartaithe an tionscadal a chur i bhfeidhm ina chríoch tuairisc ar an tionscadal agus aon fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an tionchar trasteorann a d’fhéadfadh a bheith aige a chur chuig an Stát lena mbaineann nach déanaí ná nuair atáthar á chur in iúl dá phobal féin.

Fuair gach údarás pleanála in Éirinn faisnéis le déanaí i bhfoirm litreach fógra dar dáta an 8 Iúil 2020 ó Chigireacht Pleanála na Ríochta Aontaithe (PINS) chuig an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil (DHPLG) a bhaineann le hiarratas ar thoiliú don fhorbairt (iarratas pleanála) don Chumhachtstáisiún Núicléach Sizewell C atá le tógáil, atá le tógáil i Suffolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe.

Deirtear sa litir ó PINS sa RA go bhfuil iarratas faighte ag an Rúnaí Stáit i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe lena n-áirítear dhá aonad imoibreora UK European Pressurised Reactor UK EPR, rud a thugann toilleadh iomlán láithreáin thart ar 3,340MW, mar aon leis an bhforbairt ghaolmhar atá is gá le haghaidh tógáil nó oibriú Chumhachtstáisiún Núicléach Sizewell C nó chun a thionchair a mhaolú.

Cuimsíonn Tionscadal Sizewell C príomh-shaoráid an chumhachtstáisiúin núicléach agus forbairtí gaolmhara d’fhonn tógáil agus oibriú an chumhachtstáisiúin núicléach a éascú lena n-áirítear;

  • Bonneagar uisce fuaraithe amach ón gcósta agus oibreacha mara eile,
  • Limistéir tógála shealadacha agus athlonnú, scartáil agus athsholáthar saoráidí coimhdeacha áirithe atá ann cheana a bhaineann le cumhachtstáisiún núicléach oibríochta Sizewell B,
  • Roinnt oibreacha forbartha bainteacha amach ón bpríomhshuíomh atá riachtanach chun tógáil nó oibriú a éascú, lena n-áirítear;
  • Dhá shuíomh páirceála agus taistil sealadacha chun an trácht a ghineann an lucht oibre tógála a bhainistiú,
  • Seachbhóithre buana, nascbhóithre agus feabhsúcháin mhórbhealaigh chun trácht a mhaolú agus éifeachtaí sábháilteachta ar bhóithre a mhaolú le linn na tógála agus na hoibríochta,
  • Áiseanna bainistíochta lasta sealadacha le linn na tógála; agus
  • Síntí sealadacha agus buana agus feabhsúcháin ar an mbonneagar iarnróid atá ann cheana.
  • Síntí sealadacha agus buana agus feabhsúcháin ar an mbonneagar iarnróid atá ann cheana.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach:

https://www.housing.gov.ie/planning/other/transboundary-environmental-public-consultation-sizewell-c-nuclear-power-station 

 

Comhairliúchán

Is féidir an comhairliúchán a fháil anseo: https://consult.fingal.ie/en/consultation/transboundary-environmental-public-consultation-sizewell-c-nuclear-power-station-suffolk-uk

 

Is féidir aighneachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall i ndáil le héifeachtaí comhshaoil trasteorann féideartha an tionscadail a dhéanamh anseo:

trí ríomhphost chuig  [email protected]  nó tríd an bpost chuig

 

Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach

An Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh

Comhairle Contae Fhine Gall

Halla an Chontae

Príomhshráid

Sord

Co. Bhaile Átha Cliath

K67 X8Y2