Comhairle Contae Fhine Gall páirteach i dTaispeántas Eolaithe Óga & Teicneolaíochta BT i mbliana

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall páirt a ghlacadh san fhéile eolaíochta agus teicneolaíochta is spleodraí in Éirinn, atá ar siúl go dtí an Satharn (11ú Eanáir) san RDS, Baile Átha Cliath.

bt scientist release

Is taispeántas lán cruthaitheachta agus inspioráide é Taispeántas Eolaithe Óga & Teicneolaíochta BT, atá á reáchtáil i mbliana don 56ú bliain as a chéile, agus bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as.

Tá tionscnaimh dhigiteacha á dtaispeáint ag Comhairle Contae Fhine Gall atá dírithe ar an modh oibre agus maireachtála i bhFine Gall a fheabhsú – idir úsáid a bhaint as dróin chun cosc a chur ar dhumpáil mhídhleathach, troscán sráide cliste a chur ar fáil ar féidir leat é a úsáid chun d’fhón a luchtú agus a sholáthraíonn rochtain Wi-Fi saor in aisce, agus spásanna déantóra idirghníomhacha a fhorbairt chun dlús a chur faoi chruthaitheacht agus nuálaíocht.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, faoin imeacht: ‘Is deis iontach é Taispeántas Eolaithe Óga & Teicneolaíochta BT chun léargas a thabhairt ar bhuanna daoine óga. Tá ionadaíocht mhaith déanta ar Fhine Gall i mbliana agus beidh neart mac léinn as scoileanna ar fud an chontae ag freastal ar an taispeántas.’ 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: ‘Déanann Comhairle Contae Fhine Gall iarracht i gcónaí a bheith ar an eolas faoi na treochtaí is déanaí san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus is deis é Taispeántas Eolaithe Óga & Teicneolaíochta BT léargas a thabhairt ar an úsáid atá á baint againn as na teicneolaíochtaí seo chun na seirbhísí is fearr agus is féidir linn a chur ar fáil dár gcónaitheoirí.’

Tá seastán Chomhairle Contae Fhine Gall le fáil i halla Domhan na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta. Ag an seastán is féidir leis an lucht freastail teicneolaíocht inchaite a chruthú, tamall a chaitheamh ag spraoi le róbataic, foghlaim faoi na seirbhísí digiteacha éagsúla atá ar fáil i Leabharlanna Fhine Gall, gléasanna a luchtú ag binse cliste Fhine Gall, agus páirt a ghlacadh in eispéireas réaltacht fhíorúil 3T den Chathair.

Beidh foireann Fhine Gall Digiteach, Leabharlanna Fhine Gall agus, Baile Átha Cliath Cliste agus Déantóirí Bhaile Átha Cliath, i láthair chun léargas a thabhairt ar thionscadail agus seirbhísí Fhine Gall Digiteach agus chun aon cheisteanna a bheidh ag an lucht freastail a fhreagairt.

Ag croílár an Taispeántais tá an 1,100 mac léinn atá ag déanamh ionadaíochta ar 244 scoil as ar fud oileán na hÉireann a ghlacann páirt sa chomórtas agus iad sa tóir ar an teideal gradamach Eolaí & Teicneolaí Óg BT na Bliana 2020.

Anuraidh ba ar Adam Kelly, mac léinn ó Choláiste Pobail na Sceirí, a bhuaigh an duais mhór dá thionscadal dar teideal “Optimizing the Simulation of General Quantum Circuits”, tionscadal a bhí dírithe ar bhealaí éifeachtúla a aimsiú chun ríomhairí a shamhaltú go matamaiticiúil.