Cáineann an Chomhairle baint cosaintí creimthe cósta ag Port Reachrann

Cáineann Comhairle Contae Fhine Gall baint cuid den chóras cosanta creimthe ag Trá an Choinicéir, Port Reachtann, ag daoine aonair anaithnide thar an deireadh seahtaine agus tá iontas uirthi faoin damáiste meargánta a rinneadh don chóras duimhche i limistéar atá íogair i dtaobh an chomhshaoil agus atá ainmnithe mar Cheantar Cosanta Speisialta.

Portrane Seebee Moved 2

Ag baint úsáide as innealra tromshaothair, bhain na daoine aonair suas le 70 Seabees, gach ceann acu le meáchan 1.5 tonna, ón líne a chuir an Chomhairle isteach an samhradh seo agus chuir siad iad ag bun na ndumhchla in aice le Lána na Trá ag déanamh dochair don chóras duimhche reatha atá ann faoi láthair sa phróiseas. Cuireadh an eachtra in iúl do na Gardaí agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. 

Cé go bhfuiltear an-eolach faoin aincheist atá os comhair roinnt sealbhóirí tí agus úinéirí gnó i bPort Reachrann faoi láthair, léirigh taighde nach n-oibríonn réitigh ad hoc áitiúla chun creimeadh cósta a chosc agus go gcuireann siad na dumhchla i mbaol níos mó ó dhamáiste ó stoirmeacha as a dtiocfaidh creimeadh luathaithe.

Chuir innealtóirí speisialaithe ón RPS a bhí ag obair leis an gComhairle le roinnt blianta ar straitéis fhadtéarmach chun na saincheisteanna creimthe ag Port Reachrann a bhainistiú an líne 1 ciliméadar de bheagnach 1,000 Seabees san áit is fearr chun an ráta creimthe ag Trá an Choinicéir a mhoilliú. 

Chosain na Seabees €1.5m le cur isteach agus tá eagla mhór ann go bhféaadfadh na haonaid a baineadh a bheith neamhúsáidte anois toisc go raibh gá le trealamh speisialaithe chun iad a aistriú go dtí a suíomhanna bunaidh. Beidh costais shuntasacha ar an gComhairle chun an cás seo a chur ina cheart ag am ina bhfuil acmhainní faoi dhúshlán suntasach mar gheall ar thionchar eacnamaíoch COVID-19. 

Is réiteach eatramhach iad na Seabees go dtí go suiteálfar struchtúir gradhaine le cruth Y atá saindeartha agus tacóidh scéim athchothaithe trá chun leibhéal oiriúnach trá a bhaint amach. Laghdóidh sé seo fuinneamh tonnta teagmhais feadh an chósta trí dhoimhneacht an uisce atá i réim a theorannú agus ar an gcaoi sin bagairt an chreimthe a mhaolú. 

Leanann Comhairle Contae Fhine Gall ag obair le cónaitheoirí agus úinéirí gnó a ndeachaigh creimeadh cósta ag Port Reachrann i bhfeidhm orthu agus tá sé tiomanta i gcónaí réiteach fadtéarmach a sholáthar ar na saincheisteanna atá mar thoradh ar athrú cósta. 

An mhí seo caite reáchtáil Comhairle Contae Fhine Gall sraith seisiún eolais beo ar líne le cónaitheoirí agus úinéirí gnó chun iad a chur ar an eolas faoin bPlean Bainistíochta Tuilte agus Creimeadh Cósta d’Inbhear Bhaile Roiséir.

I 2016, bhunaigh Comhairle Contae Fhine Gall an Grúpa Idirchaidrimh Chósta Fhine Gall mar fhreagairt ar na hábhair imní leanúnacha maidir le Creimeadh Cósta agus Tuilte Cósta i bhFine Gall agus chun freastal ar an ngá le freagairt struchtúrtha chomhleanúnach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní seo agus cumarsáid a fheabhsú idir na páirtithe leasmhara ábhartha. Soláthraíonn an Grúpa fóram chun plé a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige maidir le fadhbanna Creimeadh agus Tuilte Cósta a phleanáil agus déileáil leo agus tá sé comhdhéanta de Chomhairleoirí Contae, Oifigigh Chomhairle agus baill phobail ó gach ceann de na ceantair atá buailte i bhFine Gall. Is iadsan An Ros (Trá Thuaidh agus Trá Theas), Port Reachrann agus Cill Fhionntain.

Is fadhb dheacair í Tuilte agus Creimeadh Cósta feadh Inbhear Bhaile Roiséir, atá ina limistéar íogair ó thaobh an chomhshaoil de, le réiteach. Tá an córas cósta timpeall ar Inbhear Bhaile Roiséir casta mar gheall ar an difríocht mhór idir taoidí arda agus ísle agus an damáiste a d’fhéadfadh tonnta, a thagann i dtreo ó uillinneacha éagsúla, a dhéanamh. Méadaíodh an bhagairt seo go suntasach le blianta beaga anuas de bharr líon na stoirmeacha móra a tharla i gcomhthráth le   leibhéil arda uisce taoide os cionn ceithre mhéadar.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhar leis na gníomhaireachtaí Stáit ábhartha, lena n-áirítear Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), ar an saincheist seo leis na hinnealtóirí speisialaithe ón RPS. Bhunaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD, Grúpa Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta maidir le Bainistíocht um Athrú Cósta ar cuireadh de chúram air straitéis athraithe cósta comhtháite, iomlán an Rialtais, a fhorbairt agus tá sé le tuairisc a thabhairt don Rialtas laistigh de shé mhí ó bhunaíodh é le torthaí agus moltaí tosaigh.

Is féidir féachaint ar an bPlean Bainistíochta Riosca Tuilte agus Creimeadh Cósta Bhaile Roiséir ag https://consult.fingal.ie/en/consultation/coastal-defence-proposals-portrane-rush.