Tá tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall le hiarratas pleanála Cuid 8 do Bhealach Coisithe agus Rothaíochta ar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill i mBaile Brigín.
Thug Comhairle Contae Fhine Gall ómós d’Uachtarán Chathair Ollscoil Bhaile Átha Cliath, An tOllamh Brian MacCraith, atá tar éis éirí as a phost tar éis 10 mbliana.
Tá íocaíochtaí Deontais Atosaithe do ghnóanna Fhine Gall ó Chomhairle Contae Fhine Gall tar éis an €5 milliún a shárú le 982 gnóanna faomhaithe le haghaidh deontas idir €2,000 go €10,000.
Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Pobail na hAille foilsiú Treoir Oidhreachta na hAille a fhógairt. Léiríonn an bhileog le léaráidí áille na láithreáin oidhreachta i sráidbhaile na hAille agus torthaí Tochailt Phobail na hAille 2019.
Tar éis titim trom báistí le déanaí agus an feabhas atá tagtha ar choinníollacha uisce abhann agus talún tá Uisce Éireann tar éis an tOrdú Caomhnaithe Uisce a ardú, nó an cosc píobáin mar is fearr aithne air, a cuireadh i bhfeidhm le héifeacht ón 9 Meitheamh.
An bhfuil grianghraif agat d’áiteanna, daoine, imeachtaí, saol laethúil, spórt, feirmeoireacht, tionsclaíocht agus ceardaíocht Fhine Gall? Tá Líonra Oidhreachta Fhine Gall maraon le hOifig Oidhreachta Fhine Gall ag iarraidh grianghraif a fháil dár n-am atá thart agus na scéalta a insíonn siad, le haghaidh taispeántas fíorúil.
Tá SEAC Beo ar cheann de na chéad chéimeanna d’athoscailt Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe agus beidh ealaíontóirí ann a chuimsíonn Muireann Ni Amhlaoibh agus NoCrows lena n-áirítear Steve Wickham ó The Waterboys.
Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall ag lorg léirithe spéise anois ó ealaíontóirí ar mian leo go mbreithneofaí iad do Chónaitheacht Saoire 2020 ag Páirc Tithe Soghluaiste Lynders, Port Reachrann.
Bhí áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall óstáil a dhéanamh ar Shearmanas Cuimhneacháin Crann Darach na bliana seo i nDiméin Mhullach Íde ar 18Ú Meitheamh.
Sheol Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall a Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg 2020, le tacaíocht ó Spórt Éireann. Tá sé mar aidhm ag an Scéim ligean do chlubanna an ceannach de threalamh breise a mhaoiniú