Déanann Comhairle Contae Fhine Gall comhghairdeas le faighteoirí na Dámhachtana Sparánachta Iniúchta & Smaointeoireachta

Tá Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin tagtha le chéile chun aon ealaíontóir déag a roghnú do Dhámhachtain Sparánachta Iniúchta & Smaointeoireachta 2021, a thacaíonn le healaíontóirí gairmiúla aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt ag obair le agus/nó ag táirgeadh saothar d’ealaíona na luath-óige.

Cuideoidh an Gradam lena faighteoirí - Clare Breen, David Beattie, Mark Joyce, Cliodhna Noonan, Diane Crotty, Helen Barry, Helen Keenan, Angelica Santander, Mary O'Donnell, Liam McCarthy agus Mark Ball - a gcleachtas a fhorbairt i raon leathan cleachtais ealaíon agus eispéiris chruthaitheacha éagsúla le nó do leanaí 0-5 bliana d’aois i gcomhthéacsanna éagsúla.

Is creat comhoibritheach é ‘Iniúchadh agus Smaointeoireacht’ d’ealaíona na luath-óige i réigiún Bhaile Átha Cliath, a tháinig chun cinn in 2016 nuair a chuaigh ceithre Údarás Áitiúil Bhaile Átha Cliath le chéile i gcomhpháirtíocht den chéad uair le machnamh a dhéanamh ar sholáthar ealaíon na luath-óige i mBaile Átha Cliath.

Leithdháileadh na chéad Dámhachtainí Sparánachta Comhpháirtíochta Iniúchta & Smaointeoireachta in 2019, ag maoiniú raon tacaíochtaí d’ealaíontóirí ar nós staidéir iarchéime, forbairt acmhainn oideachais, taisteal chuig clár clúiteach luathbhlianta, taighde cleachtas-bhunaithe agus ceardlanna.

Dhá cheann de phríomhchuspóirí an chláir ná lucht féachana nua luath-óige a bhaint amach i bpobail nach bhfuil mórán freastail orthu agus tacú le comhoibrithe ealaíne, forbairt ghairmiúil agus taighde agus cruthú saothar nua a fhorbairt.

Dúirt Méara Chomhairle Contae Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Tá tús áite tugtha d’ealaíona na luath-óige ag Oifig Ealaíon Fhine Gall ó 2012 agus ar aghaidh agus tuigeann sí an ról tábhachtach atá ag cruthaitheacht i bhforbairt luath leanaí. Táimid bródúil as a bheith mar chuid den chomhpháirtíocht údaráis áitiúil seo.”   

Dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair Turasóireachta agus Cultúrtha: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall thar a bheith sásta maidir leis an gcaoi ar mhéadaigh na comhpháirtíochta seo ó 2016 agus leanfaidh siad orthu ag roinnt eolais agus acmhainní lena chinntiú go neartófar an earnáil amach anseo."

Dúirt an tOifigeach Óige & Oideachais, Julie Clarke: “Le gach togra a bronnadh i mbliana, léiríodh líne uathúil fiosrúcháin agus uaillmhian ollmhór i réimse na n-ealaíon luath-óige agus táimid ag tnúth le nuacht a roinnt libh de réir mar a thiocfaidh na tionscadail spreagúla seo chun cinn le linn 2021."