Comhairliúchán Poiblí Timpeallachta Trasteorann – Stáisiúin Núicléacha Doel 1 & 2, An Bheilg

image of business desk

Cén fáth go bhfuiltear ag tabhairt faoin gcomhairliúchán seo?

De réir Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (an Coinbhinsiún Espoo) an Coinbhinsiún ar Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartais i nGnóthaí Comhshaoil (An Coinbhinsiún Aarhus), fuair An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta fógra ón Aire Fuinnimh, Comhshaoil agus Forbartha Inbhuanaithe na Beilge, faoin síneadh atá beartaithe ar shaolré oibríochtúil stáisiúin núicléacha Doel 1 & 2 agus na hoibreacha feabhsúcháin a bhaineann le sábháilteacht núicléach, ag tabhairt cuireadh d’Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí trasteorann.

Tá sonraí agus doiciméadúchán maidir leis an gcomhairliúchán poiblí trasteorann seo leagtha amach ar thairseach Comhairliúcháin na Comhairle agus ar láithreán gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.  

Féadfaidh ball an phobail aighneacht nó barúil i scríbhinn a dhéanamh maidir le héifeachtaí timpeallachta trasteorann féideartha an tionscadail, trína gcur chuig a n-údarás pleanála áitiúil, atá le fáil faoi am scoir gnó Dé Céadaoin 23 Meitheanh 2021 ar a dhéanaí. Chun aighneacht nó barúil a dhéanamh chuig Comhairle Contae Fhine Gall, is féidir é seo a dhéanamh tríd an bpost nó trí ríomhphost.

Tríd an bPost – Seolta chuig:

Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2

Trí Ríomhphost – Seolta chuig:   

[email protected]

Níor cheart aighneachtaí nó barúlacha a dhéanamh leis An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach:

Comhairliúchán

Cinneadh Comhairliúchán Phoiblí Timpeallachta Trasteorann maidir le síneadh a chur le saolré oibríochtúil Stáisiúin Núicléacha Doel 1 & 2, atá lonnaithe i ngar do Chalafort Antuairp, An Bheilg